Brabhsáil na Taispeántais (32 iomlán)

An Cnoc Sí

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/7d5f85cd07a1bcdbf4a8ee8ee5301817.png

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Fadó, fadó, bhí teachín dearóil ar imeall moinge, nach raibh ann i ndáiríre ach fásach mór fairsing. Bhí an teachín chomh seanchaite sin go mbeadh sé tite as a chéile ar fad murach go raibh an cnocán taobh thiar de ina thaca aige. Ba sa teachín sin a raibh cónaí ar Sheán agus ar Shorcha lena máthair. Seanbhean chríonna ab ea í sin a raibh cuma ghránna uirthi; bhí sí bacach, bhí a géaga lúbtha agus casta agus bhí cruit ar a droim aici. Ba chuma é sin go léir dá gcaitheadh sí go deas agus go lách lena leanaí, ach ní mar sin a bhí. Thugadh sí íde béil dóibh go minic agus ní thugadh sí moladh do Sheán ná do Shorcha riamh, ach bhíodh sí anuas orthu ó éirí go luí na gréine gan chúis gan údar. Ina ainneoin sin go léir, dhéanadh an bheirt leanaí a ndícheall i gcónaí í a shásamh ionas go mbeadh saol réidh aici. D’oibrídís ó dhubh dubh. Ghearradh Seán adhmad sa choill, chruinníodh sé beacáin agus sméara agus bhí an oiread scile aige le bogha agus saighead nach mbíodh an mháthair riamh gan blúire feola. Shaothraíodh Sorcha gairdín na mbláthanna agus na nglasraí timpeall an teachín. Bhaineadh sí fiaile agus tharraingíodh sí uisce i mbuicéad ón sruthán a bhí ag bun an chnoic le caitheamh ar an ngairdín.

Bhí an tseanbhean chomh bacach sin nárbh fhéidir léi lámh chúnta a thabhairt leis an obair sa choill ná sa ghairdín. D’fhanadh sí sa teachín agus scuabadh sí an t-urlár agus chócaráladh sí béilí, agus cé nach mbíodh aoibh ar a béal riamh, thugadh sí togha na haire do na leanaí; choinníodh sí na seomraí codlata chomh glan le scilling agus bhíodh togha an bhia aici dóibh i gcónaí.

Uair sa tseachtain, ghléasadh Seán an seanchapall faoin gcairt, chuireadh sé ualach beacán, bláthanna agus glasraí air agus d’imíodh sé chuig an margadh le Sorcha chun iad a dhíol. B’fhada ó bhaile a bhí an margadh sin agus bhí foraois mhór fhairsing idir an baile agus an teachín agus ní raibh bóthar ná cosán tríthi. Murach go raibh an oiread sin misnigh agus nirt ag Seán is ar éigin a thabharfadh sé faoin turas in aon chor.

Bhí cait fhiáine fhíochmhara, toirc allta agus faolchúnna craosacha san fhoraois agus babhta amháin chonaic siad béar fiú. Ach b’iontach an t-aimsiú a bhí ag Seán lena bhogha agus mharaíodh sé roinnt mhaith faolchúnna agus cat fiáin agus dhéanadh a máthair agus a deirfiúr cumhdaigh theolaí leapan as na seithí.

Ba bhreá le muintir an bhaile earraí a cheannach ó bheirt leanaí a bhí chomh dea-bhéasach agus chomh dathúil sin. Ba mhinic a chaithidís tréimhsí fada ag caint leo agus chuireadh freagraí béasacha agus eolasacha na beirte idir áthas agus iontas orthu.

Plúróg cheart ba ea Sorcha lena súile corcairghorma agus a folt fada dréimreach donn agus slataire breá ba ea Seán lena shúile dorcha macánta agus ba dheacair a shamhlú go ndéanfadh sé dochar ar bith. Bhí cion thar na bearta ag an mbeirt dá chéile agus ba threise an cion sin de bharr na hoibre a dhéanaidís, de bharr na gcontúirtí a sháraídís agus de bharr chruálacht na máthar. Nuair a thugadh an mháthair léasadh dóibh thugaidís sólás dá chéile.

Lá amháin, ach go háirithe, chaith sí chomh hainnis sin leo gur bhris ar an bhfoighne orthu. Dhíol siad a raibh d’earraí sa bhaile acu agus thug siad abhaile gach ar ordaigh an mháthair don lardrús mar aon le suim bhreá airgid. Nach ise a bheadh sásta leo an uair seo, a cheap siad. Ach ní hamhlaidh a bhí. Chuir sí ina leith gur choinnigh siad roinnt pinginí dóibh féin le caitheamh ar mhilseáin. Shéan an bheirt go ndearna siad a leithéid ach b’obair in aisce é. Rug an tseanbhean ar a maide, chaith sí Seán an doras amach agus thug sé léasadh na muc is na madraí do Shorcha nó gur éirigh a lámh traochta.

Le scaitheamh anois, ba lú an léasadh agus an drochíde a thugadh sí do Sheán i gcomparáid le Sorcha; bhí an buachaill ag éirí rómhór agus thuig sí gur mhó a ghoilleadh sé air nuair a thugadh sí léasadh do Shorcha seachas dá dtugadh sí léasadh gan trua gan taise dó féin.

Chúb Seán a lámha um a dheirfiúr a bhí ag gol go faíoch agus thug sé leis í go himeall na foraoise mar ar shuigh siad síos ar chrann tite.

“Ní chuirfidh me suas a thuilleadh leis an gcaoi a gcaitheann ár máthair leat, a Shorcha,” arsa Seán. “Téanam, ragham amach faoin domhan ar thóir saibhris dúinn féin. Tá an bheirt againn in ann obair a dhéanamh agus ní fhéadfadh go mbeadh an cás ní ba mheasa ná mar atá sé anseo againn.”

Bhí Sorcha ag gol go fóill le teann péine agus bróin, ach d’fhreagair sí láithreach é. “Ach, a Sheáin, ní féidir linn ár máthair a fhágáil; tá sí críonna agus bacach agus níl ar a cumas aon obair a dhéanamh a thuilleadh agus murach an bheirt againne gheobhadh sí bás den ocras.”

“Is fíor duit,” arsa Seán agus osna á ligean aige. “Beidh orainn fanacht socair agus cur suas léi. Éist, cén torann é sin?”

Chuir siad cluas le héisteacht orthu féin agus chuala siad duine ag lorg fóirithinte san fhoraois. Léim Seán ar a chosa láithreach bonn, rug sé ar a bhogha agus rith sé i dtreo an ghutha agus Sorcha sna sála air. Tar éis tamaill tháinig siad ar bhlár agus cad a chonaic siad ach seanfhear seargtha agus é á chosaint féin lena bhata siúil ar fhaolchú fíochmhar. Bhí cóta an fhir sractha stróicthe agus bheadh a phort seinnte ar fad murach gur tharraing Seán a shaighead agus gur aimsigh sé croí na honchon. Thit an faolchú ina chnapán fuar marbh ar an talamh.

Bhí an chuma ar an seanfhear go raibh sé tnáite traochta tar éis na coimhlinte leis an bhfaolchú fíochmhar. Tharraing sé anáil mhór fhada agus arsa seisean: “Gabhaim buíochas ó chroí leat, a bhuachaill chróga, as mo thabhairt slán ón mbás. Ba dhóbair go raibh greim scórnaí ag an bhfaolchú orm ach gur chuir tú saighead ann.”

“Is fíochmhar agus is contúirteach iad na faolchúnna, go deimhin,” arsa Seán. “Bhí an t-ádh leat gur chualamar do liú.”

“Bhí go cinnte,” arsa an seanfhear, “ach tá mo chóta nua fionnaidh sractha stróicthe.”

“Tar linn abhaile,” arsa Sorcha, “agus deiseoidh mé do chóta duit agus beidh seans agat do scíth a ligean. Tabharfaidh ár máthair rud éigin le n-ithe duit.”

“Nach ormsa a bhí an t-ádh,” arsa an seanfhear agus aoibh an áthais ar a bhéal. “Tháinig buachaill breá láidir chun fóirithinte orm ar dtús agus anois is mian le gearrchaile álainn mo chóta a dheisiú agus tabharfaidh a máthair bia do thaistealaí ocrach tuirseach. N’fheadar ach gur sióga sibh! Tá tusa chomh gleoite le sióigín, a leanbh.”

“Ní haon sióg mise,” arsa Sorcha. “Níl ionainn ach deartháir agus deirfiúr bhocht a dhéanann a ndícheall cúnamh a thabhairt dár máthair. Bean bhacach is ea í agus ní féidir léi aon airgead a thuilleamh di féin.”

“Tá go maith,” arsa an strainséir cairdiúil. “Téanam anois chuig bhur dteach. Dhéanfadh béile maitheas dom.”

D’ardaigh Seán an faolchú marbh ar a dhroim agus thug siad faoin mbaile. Bhí ionadh an domhain ar na leanaí a máthair a fheiceáil agus na deora léi agus í ag réiteach an tsuipéir. Níor thúisce a chonaic sí Seán agus Sorcha, áfach, nó gur lig sí liú aisti: “Cá raibh sibh, a ghiollaí na leisce? Cuirfear a chodladh gan suipéar sibh!”

Bhain an seanfhear a hata de, chrom sé a cheann go béasach agus arsa seisean: “Bhí mé i gcruachás ceart; thug faolchú fíochmhar fogha fúm, ach chuir do mhaicín iontach saighead trína chroí.”

“Sin mar a bhíonn aige,” arsa an tseanbhean go clamhsánach, “b’fhearr leis a bheith amuigh ag fiach seachas ag déanamh oibre.”

“Ansin, gheall d’iníon álainn go ndeiseodh sí an cóta a stróic an faolchú orm,” arsa an seanfhear, “agus dúirt sí go bhféadfainn suipéar a chaitheamh libh. Ba mhór agam é dá bhféadfainn greim a fháil le n-ithe.”

“Is cuma leis na leanaí a thuilleadh oibre a tharraingt orm,” arsa an tseanbhean faoina fhiacla gan trua gan taise, “ach ó tharlaíonn go bhfuil tú anseo anois tá sé chomh maith agat suí chun boird.” Ansin leag sí glasraí úra ón ngairdín agus giorria rósta, a mharaigh Seán, ar an mbord agus bhí béile breá acu go léir. Nuair a d’ith siad a sáith, shuigh Sorcha cois fuinneoige agus chrom sí ar chóta an tseanfhir a dheisiú, d’fheann Seán an faolchú, agus ghlan an mháthair an bord agus nigh sí na gréithre.

Ní dhearna an strainséir aon rud ach a scíth a ligean cois tine. Bhí sé tnáite traochta agus nuair a rinne sé iarracht méanfach a cheilt orthu dúirt Seán leis go bhféadfadh sé luí ar a leaba féin agus go gcodlódh seisean ar an sop.

An mhaidin dar gcionn agus Séan agus Sorcha ar tí tús a chur lena lá oibre, bhí an seanfhear réidh le n-imeacht uathu. “Cad atá ag dul daoibh, a leanaí,” ar seisean, “as a ndearna sibh dom?”

“Faic na ngrást,” arsa Seán agus ábhar feirge air, “cé a lorgódh airgead ar bheagán féile?”

“Gaibh mo leithscéal,” arsa an seanfhear, “níor theastaigh uaim cur isteach ort. Cheap mé go ndéarfá a leithéid. Cogar, tabharfaidh mé rud is fearr ná airgead duit óir ní haon dóithín mé. Táim críonna ach is draíodóir mé.” Sheas Sorcha i leith a cúil le teann eagla.

“An mar sin é?” arsa Seán go magúil. “Cén fáth nár chuir tú an faolchú faoi gheasa mar sin agus tú san fhaopach?”

“Is fíor duit, a mhaicín,” arsa an seanfhear. “Bhí ar mo chumas é sin a dhéanamh ach theastaigh uaim bhur dtástáil. Theastaigh uaim do chrógacht a thaispeáint, a Sheáin, agus go raibh tú sásta teacht chun fóirithinte orm; agus theastaigh uaim do chineáltas a thástáil, a Shorcha, agus a thaispeáint go bhfuil croí mór agat. Is deas mar a dheisigh tú mo chóta fionnaidh, a chroí.”

“Is maith liom go bhfuil tú sásta,” arsa Sorcha go cúlánta.

“Ní foláir nó go gceapann tú gur draíodóir mé a dhéanann dochar do dhaoine. Seans go bhfuil eagla ort go ndéanfainn péist allta díot. Ná bíodh aon eagla ort óir ní dhearna mé a leithéid riamh. Tháinig mé anseo chun cabhrú libh. Tá a fhios agam gur bean chrua-chroíoch mhíthrócaireach í bhur máthair. Tá a fhios agam go dtugann sí íde béile do Sheán agus léasadh do Shorcha, fiú amháin nuair nach ndéantar aon ní as an tslí. An bhfuil a fhios agaibh cén fáth a ndéanann sí a leithéid? Is bean óg álainn lách í i ndáiríre, ach chuir asarlaí ainbheartach faoi gheasa í a d’athraigh a gnúis agus a colainn agus a thug uirthi caitheamh go cruálach libh.”

“A dhuine uasail lách,” arsa Sorcha d’olagón, “an saorfá í le do thoil?”

“Faraor géar, a leanbh, níl ar mo chumas a leithéid a dhéanamh,” arsa an draíodóir. “Ní féidir le draíodóir cur isteach ar obair draíodóra eile, ach tá a fhios agam conas an gheis a bhriseadh. An eol daoibh an fuarán atá ar bharr an chnoic?”

“Is eol go maith,” arsa Seán, “ach ní dheachaigh mé ann riamh. Cnocán sí atá ann agus is ann a bhíonn na haosáin ag spraoi. Níl aon eagla faolchúnna orm ach is beag is fiú mo saighde i gcoinne na n-aosán agus cé a thabharfadh aire do Shorcha agus dár máthair dá gcuirfeadh na haosáin faoi gheasa mé?”

“Is fíor duit,” arsa an seanfhear. “Ach, mar sin féin, ní mór daoibh an cnoc a thabhairt oraibh féin. Más áil libh bhur máthair a shaoradh ní mór don bheirt agaibh an cnoc a dhreapadh agus buicéad uisce a fháil ón bhfuarán atá ar a bharr in airde. Ní leor duine amháin agaibh. Ní mór don bheirt agaibh dul le chéile. A thúisce a ólfaidh bhur máthair uisce an fhuaráin beidh a cló féin uirthi arís. Ní mór daoibh imeacht ar bhuille meáin lae agus ní mór an buicéad uisce a thabhairt trasna an tsrutháin ag bun an chnoic sula mbuailfidh an clog a haon. Déanfaidh an t-ainsprid agus na haosáin a ndícheall cur isteach oraibh, ach ní bheidh siad in ann aon dochar a dhéanamh daoibh i ndáiríre toisc go bhfuil bhur gcroí glan.

A thúisce a rachaidh sibh trasna an uisce reatha ní bheidh siad in ann sibh a leanúint. Bíodh misneach agaibh agus bígí san airdeall agus beidh an lá libh, luath nó mall, cé nárbh fhurasta é.”

Leis sin, chroith sé lámh Sheáin, chuimil sé folt dréimreach Shorcha agus d’imigh sé as radharc.

An lá dar gcionn ar bhuille meáin lae, rug Sorcha ar an mbuicéad agus as go brách leo i dtreo an fhuaráin dhraíochta. Ní raibh sé an fhaid sin uathu agus murach gur chnoc sí a bhí ann níorbh fhada a ghlacfadh sé siúl suas agus anuas ann. Bhí Seán ar tinneall agus bhí crith cos is lámh ar Shorcha agus iad ag dul suas an cnoc, ach nuair nár airigh siad aon rud mhéadaigh ar a misneach. Nuair a d’éirigh leo an fuarán draíochta a bhaint amach gan aosán ná sióg ar bith a fheiceáil ba mhó fós an faoiseamh a bhí orthu.

Áit álainn a bhí ann. D’eascair an fuarán gléigeal as scailp dhorcha agus thit sé ina eas beag anuas ar lochán carraigeach. Bhí daracha glasa ar a raibh bláthanna geala timpeall ar an lochán mar aon le raithneach síodúil agus bhí fál rósóg a bhí faoi lánbhláth ar gach taobh de. Sceith an t-uisce thar bhruach an locháin síos leitir an chnoic mar ar shreabh sé isteach sa sruthán.

Líon na leanaí an buicéad go gasta agus ansin shuigh siad síos ar an bhféar faoi scáth na ndaracha go ligfidís a scíth. Tháinig siad aníos an cnoc go tapaidh agus bhí an ghrian garg. Rith iora rua síos omhna crainn agus d’fhéach sé go fiosrach ar an mbeirt. Tháinig giorria an treo agus sheas sé ar a dhá chos deiridh mar a bheadh fear beag. Chuir na hainmhithe gleoite an oiread sin áthais ar na leanaí gur bheartaigh siad ar fhanacht mar a raibh siad tamaillín eile. B’fhada an tamall é uair an chloig, pé scéal é.

“A Sheáin, is dóigh liom gur thit ár gcodladh orainn,” arsa Sorcha de liú agus í ag éirí ina seasamh de gheit. Bhí an oiread sin fuadair uirthi go ndeachaigh a cos i bhfostú i bhfáithim a gúna agus gur baineadh tuisle aisti. Leagadh an buicéad agus doirteadh an t-uisce go léir as. Bhain Seán an brach as a shúile agus chonaic sé Sorcha ag roithleagadh síos an cnoc agus an buicéad folamh ina lámh aici. Bhí sí ag fógairt fóirithinte ar Sheán agus rith sé ina diaidh, rug sé greim uirthi agus rinne sé iarracht í a chur ina seasamh arís. Ní raibh aon mhaith ann, áfach.

“Cad atá ort, a Shorcha?” arsa Seán, “Cén fáth nach féidir leat seasamh ar do chosa?”

“Ní féidir,” ar sise agus í ag scairteadh gáire, “óir tá fáithim mo ghúna fuáilte le chéile! Caithfidh go ndearna na haosáin é agus sinn inár gcodladh. Níl braon sa bhuicéad!”

“Líonfaimid arís am éigin eile é,” arsa Seán agus é ag iarraidh í a chur ar a suaimhneas. “Scaoilfidh mé na greamanna ar fháithim do ghúna agus rachaimid abhaile. Cogar, an bhfaca tú mo scian?” Chuardaigh sé thoir agus thiar, thuas agus thíos, ach ní raibh aon tásc uirthi.

“Caithfidh gur thit sí de mo chrois agus mé i mo chodladh,” ar seisean.

“Ní foláir nó gur sciob na haosáin í ionas ná féadfá na greamanna a scaoileadh,” arsa Srocha. “Ní bheimid in ann aon uisce a fháil inniu. Conas a rachaidh mé abhaile? Ní féidir liom roithleagadh síos an cnoc ar fad mar a bheadh liathróid ann.”

“Iompróidh mé thú,” arsa Seán agus leis sin d’ardaigh sé ina baclainn í. Thosaigh sé ag téaltú síos an cnoc ach toisc go raibh Sorcha sách trom bhí air stopadh anois agus arís chun a scíth a ligean. Níor thúisce trasna an tsrutháin iad nuair a bhuail an clog a haon.

“Scaoil liom, a Sheáin,” arsa Sorcha, “níl fáithim mo ghúna ceangailte a thuilleadh. Is féidir liom siúl arís.”

“Tá mo scian anseo i mo chrios. Conas nár aimsíomar ar ball í?” arsa Seán.

“Asarlaíocht a bhí ann,” arsa Sorcha, “agus tháinig deireadh leis nuair a thrasnaíomar an sruthán. Nach cuimhin leat a ndúirt an seanfhear faoin uisce reatha? Nach sinne a bhí baoth! Caithfimid a bheidh san airdeall an chéad uair eile nó ní bhfaighimid an t-uisce go brách agus beidh ár máthair faoi gheasa go deo.”

Lá margaidh ba ea an lá dar gcionn. Bhí orthu dul chun an bhaile agus dá bhrí sin ní raibh deis acu an cnoc a dhreapadh. An chéad lá eile nach raibh ualach rómhór oibre orthu, áfach, d’imigh siad leo arís agus an buicéad acu. Lá an-bhrothallach a bhí ann agus arsa Sorcha: “Téimis tríd an gcoill mar a mbeidh scáth ón ngrian ghrag againn agus ní bheidh an tuirse chéanna orainn.”

Leis sin, d’imigh siad go leitir chrannmhar an chnoic agus thosaigh siad ag dreapadh.

Bhí sé breá fionnuar ar dtús, ach ansin d’éirigh an cosán starrógach agus corrach ionas gur dheacair siúl air agus d’éirigh na sceacha chomh dlúth sin gur dheacair a mbealach a dhéanamh tríothu. Chuaigh Seán chun tosaigh chun na craobhacha a lúbadh. Chuaigh sé suas ard crochta agus thiontaigh sé chun lámh chúnta a thabhairt dá dheirfiúr, ach ní raibh tásc ná tuairisc uirthi. Mheas sé gurbh amhlaidh a chuaigh sí i bhfostú sna sceacha agus rith sé siar chuici. Ní raibh aon radharc uirthi, áfach. Ghlaoigh sé uirthi as a hainm.

Ní bhfuair sé de fhreagra ach macalla a ghutha féin. Ansin scairt an choill ina hiomláine amach ag gáire.

“Na haosáin atá ann,” arsa Seán leis féin agus cuma mhílítheach air leis an eagla. “Cár thóg siad Sorcha?” Thosaigh sé ag cuardach. D’fhéach sé faoi gach sceach, faoi gach tom, taobh thiar de gach carraig, ach tásc ná tuairisc ní raibh ar Shorcha. Shuigh sé síos ar omhna crainn agus é in umar na haimléise. Leis sin, phreab scata coiníní amach as na sceacha agus thosaigh siad ag spraoi agus ag macnas os a chomhair amach gan eagla gan faitíos. Bhí Seán ag féachaint ort beag beann ar an saol nuair a chonaic sé cat mór allta ag téaltú síos leitir an chnoic agus a súile dírithe ar na coiníní aici amhail is go raibh sé chun fogha a thabhairt fúthu. Tharraing Seán a shaighead agus mharaigh sé an cat láithreach. Theith na coiníní as radharc i bhfaiteadh na súl.

Lig Seán osna faoisimh as agus lean sé air ar thóir a dheirféar. Ní raibh ach coiscéim nó dhó curtha de aige nuair a sháigh coinín mór glas a chaincín amach as poll agus arsa seisean: “Gabhaimid buíochas ó chroí leat as an gcat sin a mharú. Is mór againn a bhfuil déanta agat óir thagadh an cat sin anseo gach lá agus d’itheadh péire againn.”

Bhí ionadh an domhain ar Sheán, óir níor casadh air riamh ina shaol coinín a raibh labhairt an duine aige. Chrom an coinín mór a cheann le hómós agus lean sé air ag caint: “Mar sin, gabhaim buíochas leat thar ceann an uile choinín againn.” I bhfaiteadh na súl bhí na céadta coinín le feiceáil ar gach taobh de agus iad ag cromadh a gceann agus ag rá i nglór íseal bíogánach: “Go raibh maith agat, a mháistir Seán.”

“Táim sásta gur mharaigh mé an cat agus go bhféadfainn teacht chun fóirithinte oraibh,” arsa Seán. “Ach conas is eol daoibh m’ainm?”

“Tá cónaí ort sa teachín atá in aice an tsrutháin agus is minic a chonaiceamar thú,” arsa an coinín mór, “ach cad atá ar siúl agatsa anseo?”

“Táim ar thóir mo dheirféar,” arsa Seán leo go béasach, cé gur mheas sé go raibh na coiníní thar a bheith fiosrach. “Ba mhian linn dul suas an cnoc chuig an bhfuarán chun buicéad uisce a fháil ach níl tásc na tuairisc ar Shorcha anois. Ní foláir nó gur thóg na haosáin í.”

Thosaigh na coiníní ag caint lena chéile agus ba mhór an callán a bhí ar bun acu. D’ordaigh an coinín glas dóibh a bheith ina dtost. Nuair a bhí tost ann arís, arsa seisean: “Caithfidh sibh an cailín a lorg láitheach bonn agus tuairisc a chur chugam a luaithe a aimseoidh sibh í.”

Preab, preab, d’imigh na coiníní leo. “Ní fada go bhfeicfidh tú do dheirfiúr dhil arís, a Sheáin,” arsa an coinín mór. “Ní féidir leis na haosáin í a thabhairt den chnoc agus ní fada go n-aimseoidh mo dheartháireacha í.”

“Ach nach bhfuil eagla na n-aosán agus drochshióg oraibh?” arsa Seán.

“Níl,” arsa an coinín mór, “ní dhéanfaidh siad aon dochar dúinn. Is é an cine daonna amháin a gcuireann siad isteach orthu. Seo chugainn ar ais mo dheartháireacha anois. Níor ghlac sé i bhfad orthu.” Tháinig leath dosaein coiníní chucu de phreabanna agus iad ag liú in ard a gcinn agus a ngutha: “d’aimsíomar í, d’aimsíomar í!” Thosaigh an callán arís agus níobh fhéidir focal ar bith a dhéanamh amach. “Éistigí,” arsa an seanchoinín, “labhraíodh coinín amháin san am. Cá bhfuil sí?”

“Ní fada uainn í. Tá sí faoi thom.”

“An bhfuil sí gortaithe?” arsa Seán agus imní air.

“Ní dóigh liom é, a mháistir Seán, ach ní féidir linn í a bhogadh.”

Nuair a bhain siad amach an áit a raibh Sorcha, bhí sí ina luí ar an talamh agus í ceangailte go dlúth le corrán craipleach a bhí faoi bhláth. Bhí sí i bhfostú chomh dlúth sin nárbh fhéidir léi géag a bhogadh ná a béal a oscailt fiú. Bhí scian Sheáin ina chrios aige an uair seo, áfach. Níorbh fhada gur ghearr sé an corrán craipleach agus gur scaoil sé a dheirfiúr saor.

“Cad a tharla duit?” ar seisean.

“Chuaigh mo chos i bhfostú sa chorrán craipleach agus chrom mé síos chun í a scaoileadh,” arsa Sorcha. “I bhfaiteadh na súl bhí mé clúdaithe le mogalra dlúth den chorrán craipleach.”

“Na haosáin uafásacha sin is cúis leis seo,” arsa an coinín de liú. “Ach cén fáth a dteastaíonn uaibh uisce a fháil ó bhfuarán ansin thuas agus sruthán in aice libh thíos ansin?”

Bhí drogall ar Sheán aon rud a rá, ach arsa an coinín go séimh: “Is féidir libh a insint dom; seans gur féidir liom cabhrú libh.”

Ní raibh aon drogall ar na leanaí a thuilleadh agus d’inis siad an scéal agus ba é a dúirt Seán ar deireadh: “Leanfaimid orainn nó go n-éireoidh linn.”

“Seans go mbeidh feitheamh an-fhada oraibh,” arsa an coinín go crosta. “Tá a haosáin ar fud an chnoic go léir agus cuirfidh siad isteach oraibh i gcónaí.”

“Cad a dhéanfaimid mar sin?” arsa Sorcha go holagónach agus a lámha á mbascadh aici. “Caithfimid ár máthair a shaoradh!”

“Ná bí ag gol, a mhuirnín,” arsa an coinín agus é á cur ar a suaimhneas. “Chabhraigh do dheartháir linn agus cabhróidh mise libh anois. An eol daoibh an caorthann?”

“Is maith is eol dúinn é,” arsa Seán, “tá ceann ag fás sa ghairdín againn.”

“Ar fheabhas,” arsa an coinín. “Nuair a rachaidh sibh ar thóir an uisce ní mór do gach duine agaibh craobh chaorthainn a thabhairt libh. Tá eagla an chaorthainn ar na haosáin agus ní dhéanfaidh siad aon dochar daoibh má bhíonn craobh ar iompar agaibh.”

Ghlac an deartháir agus an deirfiúr buíochas leis an gcoinín as a dhea-chomhairle, bhain Seán a chlóca de agus d’umhlaigh Sorcha, óir ba gheall le duine é an t-ainmhí cliste, dar leo, agus leis sin chuaigh siad abhaile.

An lá dar gcionn chur siad chun bóthair arís den tríú huair. Bhí craobh chaorthainn ina chrios ag Seán agus chuir Sorcha blúire de ina blús. Ní raibh tásc ná tuairisc ar na haosáin ar a mbealach suas an cnoc don bheirt agus bhain siad an fuarán amach gan deacracht gan fadhb. Nuair a chrom Seán síos chun an buicéad a líonadh, áfach, thosaigh an t-uisce agus sioscarnach agus ag bruachtaíl amhail is go raibh sé ar fiuchadh. Tharraing sé siar de gheit, agus arsa seisean go crosta: “Is cosúil nach aon chúnamh é an caorthann, ach oiread.”

“Feicfimid linn,” arsa Sorcha agus roinnt sméar á mbaint de na craobhacha aici agus á gcaitheamh isteach san uisce suaite. Chuaigh an t-uisce chun suaimhnis láitheach bonn agus líon siad an buicéad gan aon deacracht. Chualathas glamhaíl agus uallfart uafáis ina dtimpeall. “Ná bíodh aon eagla ort,” arsa Seán. “Tá na haosáin ar buile toisc nach féidir leo aon dochar a dhéanamh dúinn a thuilleadh.”

Thosaigh siad ag siúl síos an cnoc go cúramach leis an mbuicéad lán uisce. D’éirigh fál dlúth sceiche aníos os a gcomhair amach a chosc a tslí orthu. Leag Sorcha a craobh chaorthainn air agus d’imigh sé as radharc láithreach. Ansin tháinig béar ollmhór ina dtreo. Bhí Seán ar tí saighead a chaitheamh leis ach arsa Sorcha: “Ná caith é; níl aon scáth ag an mbéar; níl ann ach scáil.” Bhagair sí don bhéar le craobh chaorthainn agus thiontaigh an t-ainmhí agus d’imigh sé leis. Ansin, sheas fathach a raibh lorgaid ina lámh aige amach as an gcoill. Chaith Sorcha sméar leis agus leádh é. Tháinig dragún anála tine amach as na sceacha ansin, ach nuair a bhuail Seán leis an gcaorthann é rinneadh smidiríní de. In ainneoin gur tharraing na haosáin scamaill cheo agus deannaigh anuas orthu; in ainneoin na glamaíola agus na huallfairte go léir a bhí le cloisteáil ina dtimpeall, níor lig na leanaí do na haosáin cur isteach orthu, ach lean siad orthu go deas réidh nó gur bhain siad an sruthán amach. Bhí an oiread sin calláin agus gleo ar siúl ag na haosáin gur thit úlla de na crainn agus go ndearna na clocha ar chiumhais an bhóthair cling cnag. Ní dhearnadh aon dochar don bheirt leanaí, áfach.

A thúisce a leag siad cos ar bhruach thall an tsrutháin mhaolaigh an clampar agus bhí tost ina dtimpeall. Bhí a gcroí ag bualadh go tréan agus iad ag dul isteach sa ghairdin. Bhí a máthair ina suí lasmuigh den doras agus í ag ní glasraí.

“Tabhair dom deoch uisce, a Shorcha,” ar sise ní ba shéimhe agus ba láiche ná riamh, “táim spalptha leis an tart.”

“Tabharfaidh go deimhin,” arsa Sorcha agus áthas an domhain uirthi. Leis sin thug sí deoch uisce dá máthair ón mbuicéad. Shlog an mháthair an t-uisce siar.

Níor tharla aon rud ar dtús. Ansin, thosaigh gach rud ag guairneán. Tháinig meabhrán cinn ar Sheán agus ar Shorcha agus bhí orthu a súile a dhúnadh. Ansin de gheit bhí gach rud socair arís agus bhraith Sorcha lámha uimpi agus chuala sí glór séimh á rá: “A iníon dhil, is dócha nach bhfuil insint ar an bhfulaingt atá déanta agat ag mo lámha! An maithfidh tú dom choíche é?”

Chuimil Sorcha a súile. In ionad na caillí gránna bhí ógbhean álainn os a comhair amach, agus í gléasta in éadach gealdaite.

“A mháthair ionúin,” arsa Sorcha agus deora an áthais léi, “níl aon ní le maitheamh. Bhí tú faoi gheasa agus ní raibh aon neart agatsa air.”

“Ní raibh in aon chor,” arsa an ógbhean go sollúnta.

“A Sheáin, a mhic, gabh anseo agus tabhairt maithiúnas dom freisin. Tá a fhios agam go ngoilleadh sé go mór ort nuair a thugainn léasadh do Shorcha. Suígí beirt anseo le m’ais anois agus inseoidh mé daoibh ar tharla.

“Nuair a cailleadh bhur n-athair, ní raibh ionat ach buachaillín beag, a Sheáin. Shaothraigh mé an talamh leis an gcomharsa – fear maith a chabhraigh go mór liom. Tháinig draíodóir cumhachtach chun an tí lá amháin agus d’iarr sé orm é a phósadh. Dhiúltaigh mé dó agus alltacht orm ag rá: “Ní phósfaidh mé thú choíche. Is iad mo leanaí is tábhachtaí liom sa saol.”

Ba é a dúirt an fear mailíseach ansin: “Bíodh agat! Déantar cailleach ghránna díot a thabharfaidh íde agus léasadh dóibh agus nach ndéarfaidh focal deas leo choíche. Má dhéanann tú a mhalairt déanfar dealbha cloiche díobh.”

D’imigh ár dteach féin agus teach na comharsan as radharc agus ina n-áit bhí an teachín ainnis seo. Bhí cuma dhifriúil ar an tírdhreach go léir. Níorbh ann a thuilleadh de na goirt threafa ná de na gairdíní glasa a bhíodh lán de bhláthanna. Ní raibh ann ach fásach, foraois agus fraochmhá feidheartha. Ní raibh aon rogha agam, a mhuirníní, ach fanacht anseo agus íde agus léasadh a thabhairt daoibh in ainneoin briseadh croí a bheith orm. Nuair a bhíodh sibh as baile bhínn ag gol go faíoch agus ba mhinic a deirinn liom féin gurbh fhearr mo lámha a chúbadh umaibh agus sibh a phógadh fiú dá ndéanfaí dealbha cloiche díbh. B’fhearr a bheith in bhur dealbha cloiche gan chiall gan tuiscint ná a bheith ag fulaingt de shíor, ach dhéanainn athchomhairle ansin agus b’fhearr liom fanacht nó go nbrísfí an gheis. Táim saor anois agaibh, a leanaí cróga, agus tá deireadh lenár dtrioblóidí.”

Baineadh croitheadh as an talamh, bhúir an sruthán mar a bheadh tarbh agus shéid gaoth mhór tríd an bhforaois. Arís eile bhí an chuma air go raibh gach rud ag guairneán. Nuair a tháinig deireadh leis bhí an fásach agus an fhraochmhá, an teachín agus an cnoc, agus gach a raibh ann imithe. Bhí teach breá ina sheasamh i lár gairdín a bhí lán le bláthanna agus bhí móinéir agus goirt chuithneacha le feiceáil ar gach taobh. D’éirigh scaird uisce ghléighil aníos as fuarán. Shiúil fear ard bánfhéasógach amach as an gcoill agus shín sé a lámh i dtreo mháthair na leanaí.

“Is é m’athair baiste atá ann,” ar sise go lúcháireach agus rith sí anonn chuige. “Ní foláir nó gur tusa a chabhraigh leis na leanaí teacht chun fóirithinte orm.”

“Bhí a fhios agam go raibh tú ag streacailt,” arsa an seanfhear. “Chonaic mé a chrógacht agus a fheabhas a bhí na leanaí, agus chabhraigh mé leo a oiread agus arbh fhéidir liom.

Ba iadsan amháin a d’fhéadfadh an chuid ba dheacra den chúram a dhéanamh. Téanam isteach sa teach go beo agus ceiliúraimís an lá iontach seo.”

Níorbh fhada go raibh Seán ar an bhfeirmeoir ab fhearr agus ab eagnaí a bhí riamh sa taobh sin tíre agus ionas nach dtiocfadh aon ainsprid i ngiorracht dóibh choíche arís, chuir sé craothainn sa ghairdín agus ar chiumhais na gcosán go léir sna páirceanna. Tá siad fós le feiceáil ar an bhfraochmhá sa lá atá inniu ann.

An Draoidín

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/bea196dddca750d3b801b9f87de044f4.png

Leagan Gaeilge le Sionainn Ní Ghréacháin, Clíodhna Nic Giolla Comhail agus Criostóir Ó Finn

Fadó fadó bhí búistéir agus a bhean chéile ann. Ní raibh an páiste ba shine ach deich mbliana d’aois; agus ní raibh an páiste ab óige, nuair a rugadh é, ach beagánín níos mó ná ordóg, agus mar gheall air sin tugadh “an Draoidín” air.

Bhí an buachaill bocht seo mar cheap magaidh an tí; mar sin féin, ní raibh duine ar bith de dheartháireacha s’aige chomh cliste ná chomh ciallmhar leis. Níor labhair sé an t-am ar fad ach bhíodh sé i gcónaí ag éisteacht.

Tharla sé bliain amháin go raibh an gorta ag luí go trom ar gach duine sa tír. Bhí sé chomh dona sin nach raibh arán ar bith ag an bhúistéir agus a bhean chéile a bhéidís in ann a thabhairt dá bpáistí. Rinne siad cinneadh go ndéanfadh siad rud éigin leis an fhadhb a réiteach.

Bhí an mháthair bhocht buailte ag an éadóchas, mar cheap sí nach bhfeicfeadh sí a cuid buachaillí beaga arís.

“Cén toradh a bheidh air seo ?” ar sise go hologónach, “íosfaidh na mic tíre iad, nach linne an mí-ádh seo.”

“Cad atá uait, a thaisce,” a d’fhreagair an búistéir, “má fhanann siad linne is cinnte go bhfaighfidh siad bás de bharr ocrais, glacfaidh muid chuig an choill amárach iad, agus fágfaidh muid i gcúram Dé iad.”

Agus na tuismitheoirí ag caint agus ag pleanáil, bhí na páistí uilig ina gcodladh, ach amháin an Draoidín. Chuala sé ón leaba go raibh comhrá dairíre ar siúl agus d’éirigh sé go h-iontach ciúin agus théaltaigh sé síos staighre. Chuala sé gach rud agus ní fhaca duine ar bith é.

Chuaigh sé ar ais chuig a leaba, ach níor chodail sé a thuilleadh an oíche sin. An mhaidin dar gcionn, tar éis éirí go h-iontach luath, chlúdaigh sé an tábla le méaróga agus clocha beaga agus chuir sé ina phóca iad.

D’fhág siad chun dul chuig an choill, a bhí chomh tiubh sin nach mbeifeá in ann rud ar bith a fheiceáil deich gcoiscéim romhat.

Thosaigh an búistéir ag gearradh adhmaid.

Chonaic an t-athair agus an mháthair go raibh siad gnóthach ag obair, agus d’imigh siad go mall ar dtús agus ansin go tapa ar chosán chasta.

Nuair a thug na páistí faoi deara go raibh siad leo féin, thosaigh siad ag caoineadh in ard a gcinn is a ngutha.

Lig an Draoidín dóibh caoineadh agus fios maith aige cén bealach a rachadh siad ar ais chuig an teach, toisc gur fhág sé na clocha agus na méaróga a bhí aige ina phóca ar an talamh ina dhiaidh agus iad ag siúl.

“Ná bígí buartha,” a dúirt sé lena dheartháireacha,” táim ag dul sibh a ghlacadh ar ais chuig abhaile, tagaigí i mo dhiaidh.”

 B’in an rud a rinne siad agus tar éis tamaillín bhain siad a gceann scríbe amach.

Ní raibh sé de mhisneach acu dul isteach ach ar an dea-uair, d’oscail a máthair an doras, agus nuair a chonaic sí páistí s’aici theann sí lena croí iad agus bhí gliondar an domhain uirthi.

“Tagaigí isteach, mo pháistí,” a dúirt sí, “tagaigí isteach, tá saibhreas orainn, táimid tar éis deich gcoróin a bhí amuigh orainn le tamall a fháil .” Mar a tharla sé, bhí béile den scoth acu an oíche sin.

Sna laethanta ina dhiaidh sin, bhí dea-atmaisféar sa teach, ach nuair a bhí an t-airgead ar fad imithe, d’imigh an dea-atmaisféar, agus bheartaigh an búistéir agus a bhean chéile fáil réidh lena bpáistí uair amháin eile. Díreach le go n-éireodh leo an t-am seo agus nach dtiocfadh na páistí ar ais, bheartaigh siad iad a thógáil i bhfad níos faide ná an chéad uair.

Ní raibh siad in ann caint faoi sin faoi rún, áfach, agus chuala an Draoidín iad arís; d’éirigh sé go luath an mhaidin dar gcionn chun clocha agus méaróga a fháil ach ní raibh sé in ann toisc go raibh dhá ghlas ar an doras.

Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé. Bheartaigh sé ar arán a thug a mháthair dó a úsáid in ionad na gcloch agus chuir sé ina phóca é.

Thug an t-athair agus an mháthair chun an áit ba thibhe san fhoraois iad, agus chomh luath agus a bhí siad ann, shroich siad cosán beag nach raibh ar eolas ag aon duine cé is moite díobh féin agus d’fhág siad na páistí ansin.

Ní raibh an Draoidín róbhuartha, mar chreid sé go n-aimseodh sé an bealach amach go héasca ach úsáid a bhaint as an arán a chuir sé gach áit a ndeachaigh sé; ach bhí ionadh an domhain air nach raibh fiú grabhróg amháin ann a thuilleadh; d’ith na héin gach rud.

Tháinig an oíche, agus bhí na páistí bochta go mór trína chéile toisc go raibh siad tréigthe sa choill seo nach raibh le cloisteáil ann ach fuaim na gaoithe agus uallfairt na mac tíre. Dhreap an Draoidín barr crainn go bhfeicfeadh sé arbh fhéidir leis aon rud a fheiceáil. Agus é ag casadh a chinn thart timpeall, chonaic sé léas beag a bhí ar nós léas coinnle, ach bhí sé i bhfad ní b’fhaide anonn ná an fhoraois. Síos leis ón gcrann, agus nuair a shroich sé an talamh, ní fhaca sé rud ar bith a thuilleadh, agus chuir sin brón air.

Tar éis dó bheith ag siúl lena dheartháireacha ar feadh tamaill, i dtreo an tsolais a chonaic sé, chonaic sé arís é agus iad ag imeacht ón gcoill. I ndeireadh na dála, shroich siad an teach ina raibh an solas agus chnag ar an doras. Tháinig bean chucu agus d’fhiafraigh sí díobh céard a bhí uathu: ‘’Giota aráin agus cead a bheith istigh dom féin agus do mo dheartháireacha,’’ arsa an Draoidín, ‘’mar níl ionainn ach páistí bochta atá ar strae agus a bhfaighidh bás le fuacht agus le hocras san fhoraois seo.’’

‘’Faraor!’’ arsa an bhean, ‘’teach gruagaigh a itheann páistí beaga atá anseo; fillfidh sé, teithigí go rísciobtha ionas nach maróidh sé sibh.’’

‘’Má théimid ar ais san fhoraois,’’ arsa an Draoidín, ‘’íosfaidh na mic tíre muid pé scéal é, b’fhearr linn go mór é dá n-íosfadh an gruagach muid, agus b’fhéidir go mbeidh trua aige dúinn.’’

Lig an bhean chineálta, a chreid go bhféadfadh sí a gcur i bhfolach go dtí an mhaidin dár gcionn, dóibh teacht isteach agus thug sí bia dóibh.

Bhí na buachaillí breá compordach nuair a chuala siad trí nó ceithre chnag arda ar an doras. An gruagach a bhí ann; chuaigh na páistí i bhfolach faoin leaba láithreach bonn.

‘’A thiarcais! A thiarcais!’’ arsa an gruagach agus é ag bolú thart ‘’bolaím feoil úr, tá rud éigin nua anseo.’’ Ansin, chuaigh sé díreach chuig an leaba agus tharraing sé amach an seachtar buachaillí beaga a bhí i bhfolach fuithi. ‘’Margadh iontach is ea é seo’’ arsa an gruagach gránna ‘’beidh orm triúr de mo chairde a fháil amárach agus beidh na caimiléirí beaga seo mar bhéile blasta againn.’’

Bhí sé ag iarraidh a marú láithreach ionas go mbeadh a gcuid feola ní ba bhoige, ach mar gheall ar ghríosú a mhná chéile, thug sé cead dóibh dul a chodladh.

Cheapfá gurbh ar éigean a chodail siad riamh, bhí an Draoidín go háirithe ag smaoineamh ar bhealach éalaithe ón gcontúirt le fada. Thug sé faoi deara go raibh iníonacha an ghruagaigh ina gcodladh sa seomra béal dorais. Seachtar a bhí ann, agus chaith gach iníon coróin óir ar a ceann ach bhí hataí cadáis ar na buachaillí.

Agus tuairim ag an Draoidín go bhféadfadh leis an ngruagach teacht i rith na hoíche le slad a dhéanamh air féin agus ar a dheartháireacha, bheartaigh sé na hataí cadáis a bhí orthu a mhalartú le corónacha óir na gcailíní beaga. An sprioc a bhí aige ba ea go gceapfadh an gruagach gurbh iad na buachaillí a iníonacha féin agus gurbh iad a iníonacha na buachaillí.

An rud a thuar an Draoidín, b’in díreach a tharla; d’éirigh an gruagach i rith na hoíche, chuaigh sé a fhad le leaba na mbuachaillí, ach nuair a thug sé na corónacha óir ar a gcinn, nuair a thug sé faoi deara iad, lean sé air a fhad le leaba a iníonacha agus ghlac sé leis gurbh iad na buachaillí a bhí ann, a bhuí leis na hataí cadáis a bhí orthu. Sháigh sé a scian mhór i ngach aon duine acu agus ansin, d’fhill sé ar a leaba féin, sásta lena raibh déanta aige.

A luaithe agus a chuala an Draoidín srannadh an ghuagaigh, dhúisigh sé a dheartháireacha, dúirt sé leo a gcuid éadaí a chur orthu, dul thíos staighre agus amach sa ghairdín ar bharraicíní a gcos le héalú ó theach an ghruagaigh agus rith ach an deis a fháil. Nuair a dhúisigh sé, áfach, dúirt an gruagach lena bhean, “téigh suas ansin agus cuir a gcuid éadaí ar na rógairí sin a tháinig anseo aréir.” Lean a bhean ionúin uirthi suas staighre go dtí an seomra agus lig sí scread chráite aisti nuair a chonaic sí a hiníonacha agus slad déanta orthu. Baineadh a oiread stangtha as an ngruagach is a baineadh as a bhean, “na diabhail bheaga,” a dúirt sé agus é le ceangal, “is daor a íocfaidh siad as seo, tabhair dom mo bhróga draíochta go bhfaighidh mé greim orthu.”

Bhuail sé bóthar láithreach, ag dul ó shliabh go sliabh agus ag trasnú aibhneacha amhail is gur chuislí beaga uisce iad, go dtí nach raibh sé i bhfad ó na páistí.

Chonaic an Draoidín i bhfad uathu é, chuir sé a dheartháireacha i bhfolach faoi charraig chuasach a bhí in aice leis an mbóthar agus shleamhnaigh sé féin faoi ansin agus súil in airde aige don ghruagach i gcónaí.

Bhí tuirse ar an ngruagach faoin am seo agus chuaigh sé a chodladh ar an gcarraig faoina raibh na buachaillí beaga i bhfolach.

Nuair a chonacthas don Draoidín go raibh sé ina chnap codlata, bhain sé a bhróga draíochta den ghuagach go haireach agus chuir sé air féin iad láithreach; bróga ollmhóra, leathana a bhí iontu ach toisc gur bhróga draíochta iad, d’fhéadfaidís dul i méad nó i laghad, rud a chuir lúcháir an domhain ar an mbuachaill beag.

Ba ar éigean a bhí na bróga air nuair a dhúisigh an gruagach agus é meáite ar an Draoidín a leanúint ach fad is an buachaill beag ag léim ó shliabh amháin go sliabh eile gan stró, thit an gruagach gránna le haill agus fáscadh an t-anam as.

Agus é saor ón ngruagach, chuaigh an Draoidín go dtí an clós, áit a bhfuair sé amach go raibh imní mhór ar mhuintir na háite faoi arm ar leith a bhí dhá chéad léig ar shiúl agus faoi thoradh an chogaidh. Chuaigh sé sa tóir ar an rí agus d’inis sé dó go bhfillfeadh sé le scéala an airm roimh dheireadh an lae dá mba mhaith leis. Ghlac an rí leis an tairiscint agus gheall sé go dtabharfadh sé suim mhór airgid mar chúiteamh dó.

Sheas sé lena fhocal agus d’fhill sé ar an gclós an oíche chéanna. D’fhógair sé go raibh an cogadh bainte amach ag an arm agus bhain sé cáil amach dó féin de thoradh an éachta iontaigh a bhí déanta aige.

Shaothraigh sé cuid mhór airgid mar theachtaire agus nuair a bhí ór an tsaoil aige, d’fhill sé abhaile go dtí a athair, ar sheol sé airgead chuige roimhe sin le híoc as scolaíocht a dheartháireacha. Bhí áthas an domhain ar an ngearrthóir crann agus ar a bhean go raibh a mac, ar laoch anois é, ar ais sa bhaile. Bhí saol na bhfuíoll ag an teaghlach, cheannaigh sé talamh dá dheartháireacha agus mhair muintir na háite go sona sásta, a bhuí leis an Draoidín.

An Fear Sneachta

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/a1e1965ba6fd9463578764926e7f73f2.png

Leagan Gaeilge le Érin O'Hara

Fadó fadó, bhí Fear Sneachta ann a bhí lánchinnte de go mbeadh sé beo go deo. Tháinig sé ar an saol um Nollaig sa chlós in aice leis an gcró madra, áit a raibh cónaí ar mhadra bhean an tí. Bhí dhá phíosa slinne aige mar shúile agus seanráca a bhí aige mar bhéal a chruthaigh fiacla a bhí sách láidir le píopa cré a choinneáil.

“Is trua é nach bhfuilim in ann bogadh,“ ar seisean leis an ngadhar, agus iad ag breathnú ar scáil na gealaí sa spéir dhubh. “Bheinn in ann rudaí iontacha a dhéanamh dá mbeinn in ann siúl.“

“Cuirfidh an ghrian an ruaig ort, fan go bhfeicfidh tú,” arsa an gadhar de ghlór garg. Ní raibh meas madra aige ar fhir sneachta. Is le mo dhá shúil féin a chonaic mé é le do leithéidse anuraidh agus arú anuraidh freisin.”

“Ní chreidim é,” arsa an Fear Sneachta. “Nuair a bhogfaidh mé, déanfaidh mé é ar mo shon féin é agus ní ar son na gréine.

“Fan go bhfeicfidh tú,” arsa an gadhar de ghlór garbh. “Airím athrú aimsire san aer. Beidh an ghaoth nimhneach sin a thaitníonn chomh mór sin leat imithe lá ar bith feasta.”

Go deimhin, d’athraigh an aimsir. Cé go raibh gaoth nimhneach fós á séideadh, tháinig an ghrian amach. Ach níor chuir sí isteach ar an bhFear Sneachta.

“Ní féidir leis an ngrian dochar a dhéanamh domsa,” arsa an Fear Sneachta go gaisciúil. “Nach ndúirt mé leat é?”

“Fan go bhfeicfidh tú,” arsa an gadhar go críonna.

Ansin, tháinig buachaill agus cailín óg isteach sa chlós agus sheas siad ag féachaint ar an bhFear Sneachta. “Nach bhfuil sé go deas mór agus ramhar?” arsa an cailín de gháire. “Rinneamar jab ceart as i mbliana,” arsa an buachaill go bródúil. “Tá súil agam go mairfidh sé…”

“Tá súil agamsa freisin é,” arsa an Fear Sneachta leis féin. “Tá súil agamsa freisin é.” Agus d’fhan sé go himníoch ar fhreagra an chailín. Ach ní dhearna an cailín ach gáire ó chroí agus pramsáil thart ar an sneachta crua le teann ríméid. Leis sin, d’imigh sí ar nós na gaoithe agus rith an buachaill ina diaidh.

“An iadsan na neacha céanna linne?” a d’fhiafraigh an Fear Sneachta den ngadhar agus é ag breathnú ina ndiaidh.

“Bhuel, is leis an máistir céanna iad,” a d’fhreagair an gadhar. “Is dócha nach mbeadh a fhios ag neacha cosúil leatsa, a rugadh lá nó dhó ó shin, tada faoi thada.

Tá a fhios agamsa faoi gach rud agus tá aithne agam ar gach duine a bhaineann leis an teach seo. Bhí uair ann, nuair nach raibh orm a bheith i mo luí anseo sa bhfuacht i laincisí.”

“Is aoibhinn liom an fuacht,” arsa an Fear Sneachta. “Ach inis dom cén fáth a raibh ort an teach a fhágáil.”

“I dtosach báire,” arsa an gadhar agus é ag déanamh toirnéise leis an slabhra, “bhíodh mé i mo luí ar chathaoir a bhí clúdaithe le veilbhit chomh mín le síoda agus bhí mé i mo pheata ceart ag an máistir agus an mháistreás. Bhíodh siad de shíor ag pógadh mo shróine agus ag glanadh mo lapaí nuair a d’éiríodh siad fliuch. Ach le himeacht ama d’éirigh mé rómhór le bheith i mo shuí ar a nglúine agus chaill siad spéis ionam. Ansin thóg an bhean an tí isteach mé.”

“Is dócha nár chuma leat faoi sin,” arsa an Fear Sneachta. “Is dócha nár thaitin an pógadh leat….”

“Níor thaitin, i ndáiríre,” a d’admhaigh an gadhar. “Agus cinnte bhí seomra iontach compordach ag bean an tí san íoslach agus bhí an bia chomh maith sin leis an mbia thuas staighre. Bhí mo chathaoir féin agam agus níos mó ama agam dom féim. Agus ní feidir liom dearmad a dhéanamh ar an sorn. Chodail mé go sámh faoin sorn i rith an Gheimhridh; ba í an uair ab fhearr den mbliain….”

“Sorn?” a cheistigh an Fear Sneachta. “Cad is sorn ann?”

“An ní is áille sa teach,” arsa an gadhar go maoithneach. “An bhfuil a fhios agat go mbíonn an sorn sin fós i mo bhrionglóidí…”

“An raibh sí – an raibh sí bán cosúil liomsa?” arsa an Fear Sneachta agus dúil mhór aige inti. “An raibh sí  ….cosúil liomsa in aon chor?”

“Ní raibh ar chor ar bith,” arsa an gadhar. “Tá an sorn chomh dubh le pic agus tá muinéal fada aici agus ceithre chos fúithi. Itheann sí smutáin tine agus tagann an tine amach as a béal ach ní dhéanfadh sí dochar duit dá gcoinneofá i leataobh uaithi nó dá rachfá fúithi.”

“An bhfuil sí – sé – fós ann?” a d’fhriafraigh an Fear Sneachta de agus spéis mhór aige inti anois.

“Cinnte,” arsa an gadhar. “Is féidir leat an sorn a fheiceáil tríd an íoslach ón áit a bhfuil tú i do sheasamh.”

D’fhéach an Fear Sneachta i dtreo an íoslaigh agus chonaic sé an sorn geal, álainn agus tine bhreá ag bladhmadh inti. Agus tháinig mothú aisteach air. Ba chosúil go raibh aithne aige ar an sorn le tamall fada agus go raibh sí á ghlaoch chuici.

“Cén fáth ar fhág tú í?” a d’fhiafraigh an Fear Sneachta de nuair a bhí sé in ann labhairt arís. “Conas a bhí tú in ann í a fhágáil?”

“Bhris an braon salach amach ionam maidin amháin leis an nia is óige atá ag an mbean tí,” arsa an gadhar de ghnúsacht. “Rinne sé iarracht an chnámh a bhí agam a ghoid uaim agus níor lig mé dó. Chun an fhírinne a rá, tháinig racht feirge orm agus bhain mé plaic – plaic an-bheag an dtuigeann tú – as a chos chlé. Ach bhí bean an tí ar buile liom. Tharraing sí amach mé an mhaidin sin chun na háite seo agus ceanglaíodh mé de shlabhra sa chró madra. Tharla sé sin blianta ó shin nuair a bhí mé sách óg ach tá cuimhne na seacht nduine ag mná tí, an dtuigeann tú.”

“Tuigim,” arsa an Fear Sneachta, “agus tá brón orm.” Ach ba bheag suim a bhí aige sa scéal anois. Bhí a chuid airde dírithe ar an sorn arís agus ar a ceithre chos leochaileacha. “Tá sí thart ar an méid céanna liomsa,” arsa an Fear Sneachta de chogar ceanúil. “Agus níl sí mórán níos airde ná mé féin!”

“Cad a dúirt tú?” arsa an gadhar.

“Tada a bhí tábhachtach,” a d’fhreagair an Fear Sneachta. “Airím ceangal láidir leis an sorn. Airím chomh splanctha sin ina diaidh gur bhreá liom a bheith in éineacht léi.

“Má théann tú gar di,” arsa an gadhar ag tabhairt foláirimh dó, “leáfaidh tú ar an bpointe.”

“Is cuma liom,” arsa an Fear Sneachta. “Airím mé féin ag titim as a chéile cheana féin.”

Chaith an Fear Sneachta an lá sin ar fad ag breathnú isteach trí fhuinneog an íoslaigh agus le titim na hoíche, thosaigh an sorn ag bladhmadh sa seomra dorcha díreach mar a bheadh sí ag iarraidh é a mhealladh chuici. Bhí an oíche sin chomh fuar feanntach sin go raibh an Fear Sneachta go deas préachta agus smaoinigh sé dó féin, “Nílim ag titim as a chéile ar chor ar bith. Tá beocht ionam fós. Tá seans ann go mbuailfidh mé leis an sorn fós.”

Ar maidin, bhí fuinneoga an íoslaigh clúdaithe le leac oighir agus bhí an sorn as radharc. Chuaigh creathán fuachta tríd an bhfear sneachta. Is ag dul i léig ar fad a bhí an chuma ramhar agus mheidhreach a bhí air. “Tá a fhios agam go maith céard atá cearr leat, tá tinneas an tsoirn ort,” arsa a chara, an gadhar. “Sin an cineál tinnis a bhíonn ar dhaoine uaireanta ach tinneas grá an t-ainm atá air. Ach caithfidh mé a admháil gurb í an chéad uair í a chonaic mé Fear Sneachta ag titim i ngrá le sorn. Tá mearbhall orm. Ar aon chaoi, tiocfaidh athrú ar an aimsir – seans nach bhfeilfidh sé duit in aon chor.

Go deimhin, d’athraigh an aimsir. Thosaigh an sneachta ag leá agus de réir a chéile ba ag éirí níos tanaí a bhí an Fear Sneachta. “Táim ag éirí níos lú agus níos lú,” a d’adhmaigh an Fear Sneachta leis an ngadhar agus imní an domhain air. “Caithfidh gur tinneas an tsoirn atá mar chúis leis.”

“Is é an aimsir é,” arsa an gadhar go cliste. “Chonaic mé cheana féin é. Ní bheidh rian fágtha amárach díot.”

Níor fhreagair an Fear Sneachta é mar anois bhí sé in ann breathnú trí fhuinneog an íoslaigh agus an sorn dubh, bladhmach a fheiceáil.

An mhaidin dar gcionn, ní raibh fágtha den bhFear Sneachta ach meall sneachta ar an talamh. Rith an buachaill agus an cailín amach as an teach chun breathnú ar an gcarn mór sneachta agus chun an píopa cré a shábháil le haghaidh bliana eile. “Is brónach an rud é slán a ghabháil lenár bhFear Sneachta,” arsa an cailín. “Ba é an cheann ab fhearr a rinneamar riamh é.”

“Agamsa a bhí an smaoineamh é a thógáil timpeall polla,” arsa an buachaill.

“Agamsa a bhí an smaoineamh an tsluasaid a cheangal den bpolla chun cabhrú leis seasamh suas go díreach,” arsa an cailín. “Ní mór dúinn an tsluasaid a fhágáil ar ais ag an sorn. Sin an áit as ar tháinig sí.”

“Á,” a smaoinigh an gadhar dó féin, agus é ina luí síos ag éisteacht leo. “Tuigim gach rud anois! Ba leis an sorn rud éigin a bhí istigh sa bhFear Sneachta. Míníonn é sin tinneas an tsoirn a bhí air; tá sé go breá soiléir anois.

Agus é sásta go raibh an rún réitithe aige, rinne sé dearmad glan ar an bhFear Sneachta agus thit sé a chodladh.

Dick Whittington

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/1c55a1d77068589ae461cdafdfc6d433.png

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Fadó, fadó, bhí buachaill bocht ann nach raibh athair ná máthair aige. Dick Whittington an t-ainm a bhí air agus théadh sé ó áit go háit ag lorg oibre. Ní raibh ach aon chara amháin sa tsaol aige agus b’aisteach an cara é sin – cat mór riabhach.

“A Chaitín dhil!” a deireadh Dick gach aon lá agus é ag déanamh peataireachta ar an gcat. “A Chaitín dhil! Cad a dhéanfainn de d’uireasa?”

Lá amháin bheartaigh sé ar shiúl go Londain toisc gur chuala sé go raibh airgead le déanamh ann. Bhí air na mílte agus na mílte a shiúl ach bhain sé an ait amach ar deireadh agus chuala sé creill an aifrinn ag bualadh sna séipéil.

“Anois, a Chaitín,” ar seisean, ‘b’fhéidir go bhfaighinn obair anseo agus go mbeimis saibhir fós.”

Níorbh fhéidir le Dick aon obair a aimsiú ar feadh tamaill fhada, ach i ndeireadh na dála, agus é lag leis an ocras, fuair sé obair mar bhuachaill aimsire sa chistin i dteach mór.

Bean chantalach ba ea an cócaire agus bhíodh sí de shíor ag tabhairt íde do Dick agus á bhualadh le lámh na scuaibe.

Ba chuma leis a ndeireadh sí leis nó a ndéanadh sí air fad agus nach ndéanfadh sí aon díobháil dá chat. Ach uaireanta, nuair a bhíodh Caitín sa tslí uirthi bhuaileadh sí cic uirthi agus chuireadh sé sin an-bhrón ar Dick.

D’oibríodh sé go dian dícheallach ach, mo léan géar, ní thugtaí dó le hithe ach sambó agus fuílleach na feola agus roinneadh sé le Caitín i gcónaí iad.

Lá amháin, tar éis don chocaire cic a tharraingt ar an gcat, agus clabhta sa chluas a thabhairt dó agus gan ach sambó a thabhairt dó le hithe arís, d’éalaigh sé ón teach. Rith sé trí shráideanna Londan agus in airde ar na cnoic a bhí ar imeall an bhaile. Shuigh sé síos ansin agus tinneas cinn air ón íde a tugadh dó agus é brónach doilíosach.

Ansin, chuala sé creill an aifrinn sna séipéil ag clingireach thíos i mbaile Londan. D’éist Dick go cúramach agus bhí an chuma ar an scéal go raibh an port céanna acu go léir agus is é a bhí siad a chanadh:

“Tar ar ais, Whittington,

Méara Bhaile Londan;

Tar ar ais, Whittington,

Méara Bhaile Londan.”

“Dar fia,” arsa Dick agus é ag léim ar chosa, “is cosúil go bhfuil siad ag caint liom. Téanam ort, a Chaitín, rachaimid ar ais agus bainfimid triail eile as.”

THÁINIG DICK GO BAILE LONDAN AG LORG OIBRE

Leis sin, d’fhill an bheirt acu ar an teach mór. Nach ar Dick a bhí an t-ionadh nuair a fuair se amach go raibh an cócaire bailithe léi!

“Tá sí bailithe léi go cinnte,” arsa na cailíní aimsire. “Níorbh fhéidir leis an máistir cur suas lena cantal a thuilleadh.”

D’oibrigh Dick chomh dian dícheallach sin don chócaire nua gur thug an máistir aird air agus ba mhinic a sheoladh sé Dick amach le teachtaireachtaí. D’fheiceadh sé iníon an mháistir anois is arís, agus nuair a dhéanadh sí meangadh gáire leis mheasadh sé nach bhfaca sé cailín ní b’áille riamh ina shaol.

“Mo léan géar nach duine saibhir mé,” a deireadh sé leis féin, “óir d’iarrfainn uirthi mo phósadh.”

An lá áirithe seo, ghairm an máistir na buachaillí agus na cailíní aimsire go léir chuig an halla. Bhí captaen mara ina sheasamh in aice leis.

“Cogar,” arsa an máistir, “is captaein é seo ar cheann de na longa atá agam agus tá sé ar tí imeacht chuig tíortha i bhfad i gcéin i mbun gnó. An bhfuil aon rud agaibh a thabharfadh sibh dó? D’fhéadfadh sé malartú a dhéanamh leo agus seoda áille nó síoda mín a fháil.”

“Tá go deimhin,” arsa cuid de na buachaillí agus na cailíní aimsire agus bhailigh siad timpeall ar an gcaptaen. Theastaigh ó chuid acu go dtabharfadh sé seoda ar ais chucu agus theastaigh ó chuid eile éadaí síoda a fháil. Thóg sé an t-airgead uathu agus gheall sé go ndéanfadh sé a dhícheall.

“Cad fút féin, a Dick?” arsa an máistir.

“Níl pingin rua agam,” arsa Dick go brónach, “agus níl rud ar bith sa tsaol agam le tabhairt uaim don chaptaen.”

“Mí-abha, mí-abha, mí-abha!” ar Caitín agus leis sin léim sí in airde ar ghualainn an chaptaein.

“Féach, tá rud éigin agat. Seol amach do chat!” arsa gach duine agus iad ag gáire.

“Déanaim amach go mbeidh an t-ádh leat má dhéanann tú é sin,” arsa iníon álainn an mháistir de chogar agus í ina seasamh in aice le Dick.

“Ceart go leor,” arsa Dick. “Seolfaidh mé Caitín leat, a Chaptaein, go bhfeice mé conas a bheidh agat.”

Leis sin, d’imigh Caitín le captaen na loinge agus bhí an-bhrón ar Dick toisc gur bhraith sé uaidh go mór í.

Tar éis tamaill bhain an long Maracó amach agus chuaigh an Captaen ar cuairt chuig an Sultán Mór a bhí an-trína chéile.

“Féach!” arsa an Sultán, “tá an áit seo foirgthe le lucha. Táimid cráite acu agus ní féidir linn fáil réidh leo.”

“Cad a thabharfá dom dá bhféadfainn fáil réidh leo?” arsa an Captaen leis.

“Thabharfainn deich mála óir, cúig fhallaing is daichead agus caoga seoid luachmhar ach fáil réidh leo,” arsa an Sultán.

Gan a thuilleadh moille a dhéanamh, chuaigh an Captaen chuig an long agus thug sé Caitín ar ais leis. A thúisce a chonaic Caitín na lucha léim sí anonn is anall is mharaigh sí lucha sula raibh deis acu éalú uaithi. Nuair a stad sí chun anáil a tharraingt, d’fhéach an Sultán ar na céadta luch a bhí ina luí marbh ar an talamh agus ionadh an domhain air.

“Nach iontach an t-ainmhí í sin!” arsa an Sultán de bhéic. “Ní fhaca mé a leithéid riamh. An dtabharfá ar iasacht dom í, le do thoil?” ar seisean leis an gCaptaen.

Chaith Caitín tamall ina cónaí i Maracó agus d’fhan na mairnéalaigh ann freisin agus ba acusan a bhí an saol sóch.

Tamall ina dhiaidh sin bhí ceithre phuisín ag Caitín, agus bhí an oiread sin áthais ar an Sultán go mbeadh cait eile cosúil le Caitín aige gur thug sé gach ar gheall sé don Chaptaen mar aon le roinnt féiríní deasa eile.

“Tháinig tú i gcabhair go mór orm,” arsa an Sultán leis an gCaptaen, “agus beidh mé buíoch go deo díot.”

“Caithfimid cur chun farraige anois,” arsa an Captaen lá amháin. “Fágfaidh mé na ceithre phuisín agat ach caithfidh mé Caitín a thabhairt abhaile liom óir beidh Dick Whittington ag súil go mór lena feiceáil arís.”

Leis sin, d’imigh siad leo ar an long agus d’fhág siad na ceithre phuisín ag an Sultán a bhí an-sásta.

Ar deireadh thiar thall bhain siad Londain amach agus thug an Captaen cuairt ar mháistir Dick.

Bhí gach éinne sásta nuair a d’fhill siad agus bhí Dick thar a bheith sásta Caitín a fheiceáil arís.

Chuir an Captaen fios ar na buachaillí agus na cailíní aimsire go léir agus thug sé féirín iontach do gach duine díobh.

“Seo agat do chuidse,” arsa seisean le Dick agus leis sin thug sé deich mála óir, cúig fhallaing is daichead agus caoga seoid luachmhar dó.

Nach ar Dick a bhí an t-ionadh nuair a chuala sé an scéal. “A Chaitín dhil!” ar seisean. “Cara maith a bhí ionat i gcónaí. Nach orm atá an t-áthas gur scaoil mé leat an uair sin.”

Fear saibhir ba ea Dick ansin. Phós se iníon an mháistir agus chónaigh siad le cheile i dteach mór i mBaile Londan. Chaithidís go carthanach agus go flaithiúil leis na daoine bochta agus bhíodh gach duine á moladh. Lá amháin roghnaíodh Dick mar Mhéara Bhaile Londan. Ní hamháin sin, ach roghnaíodh ina dhiaidh sin arís é agus ina dhiaidh sin arís eile.

Nach airsean a bhí an chuma mhaorga ina fhaillingí corcairdhearga agus nuair a chuala sé creill na séipéal an chéad lá a rineadh Méara Bhaile Londan de, mheas sé go raibh an méid seo á chanadh acu:

“Fáilte romhat, Dick Whittington,

Méara Bhaile Londan;

Fáilte romhat, Dick Whittington,

Méara Bhaile Londan.”

Bhí an fhírinne acu an chéad lá riamh. Rinneadh an fear ba shaibhre den bhuachaill ba bhoichte toisc gur dhuine cineálta a bhí ann agus nár chaill sé a mhisneach. Mhair siad go léir go sona sásta ina dhiaidh sin.

An Trunc a d’Eitil

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/d6891fc7ace52a9cd910bbec48432e6b.png

Leagan Gaeilge le Ann-Marie Ní Fhátharta

Bhí ceannaí ann tráth, a bhí chomh saibhir agus go mbeadh sé in ann caisleán breá óir a thógáil. Ina áit sin, choinnigh sé chuile phíosa óir a fuair sé, agus nuair a cailleadh é bhí na múrtha airgid fágtha ag an aon mhac a bhí aige.

Ní raibh an t-airgead ach faighte ag an mac, nuair a thosaigh sé ag caitheamh chuile phingin. Chuile oíche bhíodh cóisirí aige dá chuid cairde agus cheannaíodh sé deochanna dóibh ar feadh na hoíche. Chun an meas suarach a bhí aige ar airgead a thaispeáint, théadh sé síos chomh fada leis an abhainn agus dhéanadh sé sciotairín uisce, agus a chuid óir á úsáid aige in áit clocha beaga. Tar éis bliana, níorbh aon ionadh go raibh saibhreas an cheannaí caite, agus gan fágtha ag a mhac ach ceithre scillinge, agus gan giobal éadaigh aige ach seanchóta tí, agus péire shuarach slipéar.

Lá amháin, bhí an fear óg ina shuí leis féin sa teach folamh, ó thárla go raibh a chuid troscán go léir díolta aige chun a chuid fiacha a íoc. Tháinig a t-aon chara amháin a bhí fágtha aige ar cuairt chuige. ‘Tá bronntanas agam duit,’ a dúirt sé. ‘Seantrunc atá ann, beidh tú in ann do chuid éadaigh a chur isteach ann, agus tús a chur le do chuid saibhris féin a dhéanamh sa saol.’

Tar éis dá chara imeacht, chuimhnigh an fear óg, ‘Is deas an rud é sin ach níl tada bith beo le cur agam sa trunc seachas an cóta tí agus na slipéir seo,’ agus le meangadh suarach, isteach leis sa trunc é féin, agus shuigh sé síos.

Trunc draíochta a bhí sa trunc. Bheadh sé in ann eitilt dá leagfadh aon duine méar ar an nglas. Ní fada ina dhiaidh sin, gur tháinig fonn codlata ar an bhfear óg, agus thit sé a chodladh agus a dhroim ar an nglas aige. Ar iompú do bhoise, d’imigh an trunc. Suas, suas, suas tríd an simléar agus thar na scamaill. Bhailigh siad thar dhá fharraige agus d’eitil siad thar cúpla cnoc ard.

Níorbh fhada go dtáinig mac an cheannaí chomh fada le Talamh na Tuirce, agus níorbh fhada go bhfuair sé amach go raibh sé in ann an trunc a chur síos go talamh an Domhain ach an laiste a bhrú, mar a rinne sé. Tháinig an trunc anuas i bhforaois agus amach leis an bhfear óg.

Mar is eol do chuile dhuine, bhíodh muintir na Tuirce ag caitheamh cótaí tí agus slipéir ag an am. Dá bhrí sin ní raibh mac an cheannaí ag mothú aisteach agus é ag fágáil na foraoise, agus thug sé aghaidh ar an bpríomhchathair.

Ag druidim i dtreo na príomhchathrach, chonaic sé caisleán den scoth. Ní raibh d’fhuinneoga ann ach fuinneoga thuas an airde. ‘Inis dom,’ a dúirt sé leis an gcéad bhean ón Tuirc a chas dó ar an mbóthar. ‘Cé leis an caisleán ard sin?’

‘Coinníonn ár Sultán a iníon faoi ghlas thuas sa túr,’ a d’inis an bhean dó. ‘Deir na réadóirí, go bpósfaidh an banphrionsa fear nach dtabharfaidh mórán sonais ina bealach. Tá an Sultán ag iarraidh a iníon a chosaint óna leithéid seo d’fhear.

‘Go raibh maith agat,’ a dúirt mac an cheannaí. Chuaigh sé ar ais chuig an bhforaois, áit a raibh a trunc curtha faoi thalamh aige. D’oscail sé an trunc agus isteach leis arís ann. Ní fada go raibh sé ag eitilt suas i dtreo dhíon an chaisleáin. Thuirling an trunc ar an díon gan aon stró, agus bhí an fear óg in ann dul isteach trí fhuinneog sheomra an bhanphrionsa.

Bhí an banphrionsa ina codladh ar an tolg, agus chonaic sé d’aonamharc go raibh sí go hálainn. Bhí sí chomh hálainn sin agus nárbh fhéidir leis é féin a stopadh á pógadh.

D’fhéach an Banphriosa air, agus scanradh ina súile. ‘Ná bíodh aon fhaitíos ort,’ a dúirt sé. ‘Is aingeal Turcach mé. D’eitil mé tríd an spéir le bheidh in éineacht leat.’

Bhí an banphrionsa den tuairim go gcaithfeadh gur aingeal é an fear óg – cén chaoi eile a mbeadh sé tar éis teacht isteach sa seomra? D’iarr sí air suí lena taobh ar an tolg, agus thug sí cead dó breith ar a lámh chaol.

Ba scéalaí den scoth a bhí sa bhfear óg. D’inis sé scéalta di faoi chathracha móra, ina gcaitheann na fir treabhsair in áit cótaí tí, chomh maith le scéalta faoi aibhneacha doimhne agus sléibhte arda sneachtúla. D’inis sé don bhanphrionsa faoi na stoirc a thabharfadh páistí óga chuig lánúineacha uaigneacha, agus banphrionsaí áille a thitfeadh i ngrá leis na haingil.

Ansin dúirt sé, ‘An bpósfaidh mé?’

Dúirt an banphrionsa go bpósfadh, ach go gcaithfeadh sé teacht ar ais Dé Sathairn. ‘Tagann m’athair, an Sultán, agus mo mháthair, Bean an tSultáin, le haghaidh tae. Beidh siad fíor-bhródúil go bhfuil mé chun aingeal Turcach a phósadh. Déan cinnte go mbeidh tú in ann scéal a insint dóibh mar a d’inis tú domsa. Baineann siad sásamh as a bheith ag éisteacht le scéalta.

‘Tabharfaidh mé liom scéal in áit bronntanas bainise,’ a dúirt sé, agus é ag ullmhú le dhul amach sa bhfuinneog. Thug an banphrionsa claíomh seodmhar dó i dtruaill, a bhí bróidnithe le hór, sular imigh sé.

Cheannaigh an fear óg cóta tí galánta a raibh réalta agus dragúin air, chomh maith le péire slipéar, leis na píosaí óir. Chuir sé an trunc sa gcoill ansin, agus chaith sé an chuid eile den tseachtain ag siúl thart timpeall na príomhchathrach, ag ól caife álainn tiubh na Tuirce agus ag ithe a dhóthain.

Cé go raibh sé ar mhuin na muice, ba dheacair leis gan smaoineamh ar an gcineál scéil a d’inseodh sé don Sultán agus do Bhean an tSultáin ar an Satharn. ‘Caithfidh sé a bheith thar cionn,’ a smaoinigh sé, toisc go bhfuil go leor ag brath air. Is cinnte go dtabharfidh an Sultán agus Bean an tSultáin cead dom a n-iníon álainn a phósadh má shásaíonn mo scéal iad.

Tráthnóna Sathairn, chuaigh mac an cheannaí isteach ina thrunc, agus d’eitil sé chomh fada le díon an chaisleáin. Isteach leis chuig seomra an bhanphrionsa ón bhfuinneog. Bhí an banphrionsa, a máthair, a hathair agus cúpla bean aimsire ag fanacht leis. Thosaigh sé ar a scéal ar an bpointe boise.

‘Tráth den tsaol,’ a d’fhógair sé, ‘bhí glaic lasán ann, a bhí an-bhródúil as a gcuid sinsear. Chreid siad go dtáinig siad ó chrann ollmhór giúise sa bhforaois. Bhí siad cinnte go raibh siad i bhfad Éireann níos fearr ná aon rud eile a bheadh i seanchistin.’

‘Ní chreidim é,’ a scairt an banphrionsa, agus í ag bualadh bos. D’fhógair an Sultán uirthi a bheith ciúin.

Bhí na lasáin leagtha idir bosca brosna agus seanphota iarainn,’ a dúirt an scéalaí. ‘Bhí an pota iarainn ag iarradh béim a chur ar a thábhacht féin, nuair a thosaigh na lasáin ag cur síos ar an tábhacht a bhain leo féin. ‘Ba mise a bhí sa teach ar dtús, agus is mór an pléasúr dom suí i m’áit bheag néata,’ a d’fhógair an pota iarainn.

‘Tuigim go maith sásamh agus pléisiúr an phota,’ a d’fhógair duine de na mná aimsire. ‘Níl tada níos slachtmhara ná pota atá sciúrtha, nite, glan agus snasta.’

Lean mac an cheannaí ar aghaidh lena scéal, ag déanamh neamhaird den bhean aimsire. ‘Bhí na lasáin chomh bródúil astu féin gur mhinic a dhúnaidís a gcluasa agus an pota iarainn ag insint a scéil féin. Bhí na plátaí ag gleo le holc faoi na lasáin. Chuir scuab an chairpéid fleasc peirsil ghlas timpeall ar an bpota, chun ceacht a mhúineadh do na lasáin.

Thosaigh an tlú ag damhsa, agus an taephota ag feadaíl. Ní raibh tada le rá ag na lasáin seachas go raibh siad ina gcónaí le daoine suaracha uirísle, agus níor labhair siad focal eile...

‘Gabhann uabhar roimh thubaiste,’ a dúirt an Sultán. ‘Bíodh a fhios agat go bhfuil taephota againn féin a bhíonn ag feadaíl nuair a bhíonn sé lán d’uisce fiuchta.’

Bhí fead níos deise ag an gciteal ná mar a bhí ag an taephota,’ a d’fhreagair mac an cheannaí. Lena thuairim faoi na lasáin a léiriú dóibh, chas sé amhrán ard d’fheadaíl. Bhí sé chomh hard agus gur rith an bhean aimsire isteach lasta sa gcistin.

Rug sí ar na lasáin agus las an tine leo. Ní chreidfá chomh héasca agus a las siad d'aon bhladhm! Anois tuigeann sibh chomh tábhachtach agus atá muid, a bhéic an lasán deireanach. ‘An bhfeiceann sibh muid ag lonrú!’ Dódh ansin é, agus ní raibh fágtha ach píosa gualach.

Stop mac an cheannaí, agus bhreathnaigh sé ar Bhean an Sultáin. ‘Céard a cheapfá faoi mo scéal,’ a d’fhiafraigh sé di. Ní raibh focal den scéal nár bhain mé sásamh as,’ a ghlaoigh sí. ‘Chuir sé i gcuimhne m’óige dom, nuair a bhí mé ag obair mar chailín cistine sular thit an Sultán i ngrá liom….’

‘Scéal den scoth,’ a d’fhógair an Sultán. ‘Pósfaigh tú m’iníon gan dabht.’ Thosaigh na mná aimsire ag bualadh bos.

Socraíodh lá na bainise, agus bhí brait agus soilse daite le feiceáil thart timpeall na cathrach an trathnóna roimh ré. Caitheadh cácaí agus brioscaí milse amach i measc na sluaite, agus chuile dhuine ag caitheamh na gcótaí tí ab fhearr a bhí acu. Bhí sé chomh hálainn agus go raibh mac an cheannaí ag iarraidh rud éigin a dhéanamh chun cur leis an ócáid.

‘Nuair a bhí mise i mo ghasúr, chuireadh taispeántas tinte ealaíne gliondar ar mo chroí,’ a chuimhnigh sé. Amach leis agus cheannaigh sé bleaist roicéad, pléascóg, agus go leor tinte ealaíne eile a chuir dath órga ar an spéir. Chur sé na tinte ealaíne isteach sa trunc, agus d’eitil sé isteach os cionn na cathrach arís.

Ní raibh na daoine ar an tsráid in ann a chreidiúint go raibh an spéir dhorcha lasta suas leis na mílte réalta reatha. Bhí na gasúir chomh tógtha leis, gur thosaigh siad ag rith suas agus síos an tsráid ag béicíl. ‘Hurá, hurá, tá an t-aingeal Turcach tar éis na réalta a chur a damhsa dúinn.’

Bhí na tuismitheoirí ag caint eatarthu féin. ‘Is iontach go bhfuil ár mbanphrionsa ag pósadh aingil! Is cinnte go mbeidh rudaí íontacha i ndán dúinn sa todhchaí.’

An lá dar gcionn, phós mac an cheannaí agus an banphrionsa. Chuaigh an bhainis ar aghaidh ó mhoch na maidine go deireadh na hoíche. Ar deireadh, bhí lucht na bainise ag titim ina gcodladh agus iad ina seasamh, agus d’fhill an banphrionsa ar ais ar a seomra túirín. ‘Fanfaigh mé ansin leat,’ a dúirt sí lena céile, nuair a dúirt sé gur mhaith leis píosa beag a chaitheamh leis féin.

Rinne mac an cheannaí deifir ar ais chuig an bhforaois chun dul isteach ina thrunc agus eitilt suas chuig a bhrídeog. Ar an drochuair, nuair a tháinig sé chomh fada leis an áit a raibh an trunc fágtha aige, ní raibh le feiceáil ach luaith!

Nár thit splanc ó na tinte ealaíne ar a thrunc breá, agus dhóigh sé é. Bhí sé i gcruachás anois, mar nach bhféadfadh sé eitilt chuig a bhean chéile a bhí ag fanacht leis. Bhí a lá deiridh mar aingeal Turcach feicthe aige, chomh maith lena phósadh!

Tá daoine ann a chreideann go bhfuil an Banphrionsa fós ag fanacht lena haingeal teacht ar ais, ach tá daoine eile ann a chreideann go bhfuair an Sultán fear céile eile di tar éis deich mbliana.

Is féidir a rá go cinnte, nár fhill mac an cheannaí ar a thír féin níos mó. Chaith sé a chuid laethanta ag spaisteoireacht tríd an Oirthear mar scéalaí. Mar sin fein, níor inis sé scéal na lasán riamh arís. Is beag an t-iontas é sin, mar gur dóigh go raibh sé ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar an rud ar fad.

Gairdín Pharthais

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/ab4716548ddd122facd205d360658e19.png

Leagan Gaeilge le mic léinn an Dioplóma san Aistriúchán

Fadó, fadó bhí mac Rí ann a raibh an-dúil aige in éisteacht le scéalta nuair a bhí sé óg. D’insíodh a mháthair chríonna na scéalta ab fhearr riamh dó, agus ba é an scéal mar gheall ar Ghairdín Pharthais an scéal ab ansa leis ar fad.

“Gairdín Pharthais,” a deireadh sí, “is é Gairdín Pharthais an áit is áille dá bhféadfá cuimhneamh air. Tá gach bláth ann ina cháca milis beag agus tá stair na cruinne scríofa ar chuid acu. Níl le déanamh agat ach ceann amháin díobh seo a ithe agus beidh do cheachtanna staire ar fad ar eolas agat. “

Chreideadh an buachaill beag an méid seo ag an am. Ach nuair a bhí sé ní ba shine chuala sé mar gheall ar Ádhamh agus Éabha, na chéad daoine riamh a chónaigh i nGairdín Pharthais, agus thuig sé ansin nach raibh sé díreach mar a chuireadh a mháthair chríonna síos air.

Nuair a bhí sé ní ba shine fós ní raibh aon ní sa saol ní b’ansa leis ná leabhair agus faoi aois a sheacht mbliana déag bhí cnuasach breá leabhar bailithe le chéile aige. Lá i ndiaidh lae dhéanadh sé tagairtí do Ghairdín Pharthais a chuardach sna leabhair, ach cé go raibh go leor eolais iontu faoin domhan mór, ní raibh faic iontu faoi Ghairdín Pharthais – an gairdín a mbíodh sé ag smaoineamh air an t-am ar fad.

Lá amháin, agus é ag siúl ina aonar sa choill, tháinig néalta dubha dorcha sa spéir go tobann. Ansin thosaigh sé ag cáitheadh báistí, báisteach a bhí chomh trom sin go raibh sé mar a bheadh abhainn ann, a d’fhág fliuch báite é.

Shiúil an Prionsa i bhfad ó chosán ar bith a d’aithin sé agus roimh thitim na hoíche, bhí sé caillte go huile is go hiomlán.

Shleamhnaigh sé agus baineadh tuisle as ar na clocha caonaigh. Is beag nár thit sé i laige leis an ocras. Ar deireadh, tháinig sé ar uaimh mór millteach.

I lár na huaimhe, bhí tine mhór lasta. Díreach ansin os a chomhair bhí fia fireann á róstadh ar bhior agus é á chasadh timpeall agus timpeall go mall. Bhí bean cois tine a bhí chomh hard agus chomh láidir gur cheap an Prionsa gur fear a bhí ann. Nuair a chonaic sí é, d’fhógair sí: “Gabh i leith uait. Gabh i leith anseo agus suigh síos cois tine agus triomaigh d’éadaí.”

“Go raibh maith agat,” arsa an Prionsa agus chuaigh sé isteach san uaimh agus shuigh sé síos ar an talamh in aice léi. “Nuair a d’ardaigh an stoirm chomh tobann sin, chuaigh mé ar strae áit éigin sa choill,” ar seisean.

“Anois tá tú in Uaimh na nGaoth,” arsa an bhean agus í ag caitheamh smutáin ar an tine. “Is mise Máthair na gCeithre Ghaoth. Beidh siad sa bhaile go luath.”

“Cad a dhéanann siad, an ceathrar mac sin de do chuid?” a d’fhiafraigh an Prionsa le teann fiosrachta.

“Tá siad i mbun a ngnó féin thuas ansin leis na scamaill,” arsa an bhean go borb agus chuimhnigh an Prionsa athuair nach raibh cosúlacht ar bith idir an bhean seo agus na mná ag cúirt a athar.

Cheapfá go raibh a fhios aici cad a bhí ar a intinn. “Ní thuigeann tú. Is mise a máthair agus caithfidh mé a bheith láidir chun smacht a choinneáil orthu óir is scódaithe iad mo mhic. An bhfeiceann tú na ceithre mhála mhóra ar crochadh ar an mballa?”

Bhreathnaigh an Prionsa ar na málaí móra agus sméid sé a cheann. “Chonaic mé ar an bpointe boise iad,” ar seisean, “ar theacht isteach san uaimh dom.”

“Cuireann na málaí sin faitíos ar mo mhic,” arsa máthair na gCeithre Ghaoth de gháire. “Nuair a chuireann siad isteach ormsa, fáiscim iad agus cuirim sna málaí móra iad. Agus fanann siad ann go dtí go mbím sásta scaoileadh leo. Is maith atá a fhios acu a tharlóidh dóibh má thugann siad neamhaird domsa nó má chuireann siad fearg orm.”

“Cén uair a thiocfaidh do mhic ar ais?” a d’fhiafraigh an Prionsa di, i ndiaidh tosta fhada.

“Seo ceann dóibh anois,” ar sise de liú, agus shéid gaoth fhuar seaca isteach go tobann. “Siod é é. Is é an mac is sine liom é, an Ghaoth Aduaidh.”

Bhain an fuacht croitheadh as an bPrionsa nuair a tháinig an Ghaoth Aduaidh isteach san uaimh. Nach ann a bhí an téagar, agus é gléasta i seithí béir agus coinlíní reo ar crochadh óna fhéasóg aige. B’as craiceann róin a bhí a bhróga déanta agus bhí sé clúdaithe i gcalóga sneachta.

“Ná téigh ró-ghar don tine,” arsa an Prionsa le teann práinne. “Loiscfear do chraiceann idir shioc agus teas thú!”

Ach phléasc an Ghaoth Aduaidh amach ag gáire in ard a ghutha, agus é ag breathnú síos ar an bPrionsa. “Cén fáth a bhfuil an dúradán sin anseo?” ar seisean lena mháthair.

“D’imigh sé ar strae,” ar sise leis, “ach tá sé ina aoi agamsa anois. Mura gcaitheann tú go deas leis, cuirfidh mé sa mhála thú.”

Agus chaith sí smután eile ar an tine. ‘Anois, inis dúinn cén áit a raibh tú. ‘

‘Thug mé cuairt ar Fharraigí na Mol,’ arsa an Ghaoth Aduaidh, agus é éirithe as an ngáire faoin mála. ‘Chaith mé seal ar Oileán na mBéar le seilgeoirí rosualt. Chuir mé an ruaig ar an mbrat ceo a chlúdaigh teach na seilgeoirí. Tógadh an teach sin as adhmad ó na longa a bádh thart ar an áit sin agus clúdaíodh le craiceann rosualt é. Bhí mé ag spochadh as an mbéar bán a rinne drannadh liom. Ansin bhrúigh mé mo longa, sin iad na cnoic oighir mhóra, go dtí gur bascadh na báid beag bídeach sin inar shuigh na fir leis na harpúin. Chlúdaigh mé le calóga sneachta iad agus chuir mé an ruaig orthu amach chun na farraige. Ní thiocfaidh siad i bhfoisceacht Oileán na mBéar arís.’

‘Ba ghránna an rud sin a rinne tú,’ arsa a mháthair de scoladh. ‘Éirigh as an scéal sin.’

‘Ní déarfaidh mé a thuilleadh, mar sin,’ arsa an Ghaoth Aduaidh agus é ag breathnú go himníoch ar na málaí. ‘Seo chugainn mo dheartháir beag ón iarthar.’

Cheap an Prionsa go raibh an chuma chéanna ar an nGaoth Aniar is a bheadh ar fhear fiáin na bhforaoisí ón gcaoi ar rith sé isteach san uaimh Bhí maide trom ar iompar aige agus bhí hata a raibh ciumhais leathan air anuas ar a shúile. Rinne a mháthair gáire mór leis agus d’fhiafraigh sí de faoin áit a raibh sé.

‘Tháinig mé ó na foraoisí glasa,’ ar seisean, ‘ón áit a luíonn na nathracha uisce san fhéar fliuch agus a snámhann na buabhaill fhiáine sna haibhneacha. Chuaigh mé sa tóir ar na lachain fhiáine agus chuir mé tús le stoirm a chinntigh gur thit na seanchrainn agus gur briseadh ina smidiríní iad. Bhain mé fíorthaitneamh as an lá.’

Tháinig an Ghaoth Aneas isteach le linn dóibh a bheith ag comhrá. Bhí turban á chaitheamh ar a chloigeann aige agus clóca fallaingeach aniar ar a ghuaillí. Chuir sé taistealaithe sa ghaineamhlach i gcuimhne don Phrionsa, taistealaithe a chonaic ina chuid leabhar.

“Nach é atá diabhalta fuar anseo,” a dúirt an Ghaoth Aneas agus é ag caitheamh smután eile ar an tine. “Is é mo dheartháir mór is cúis leis sin.”

“Seafóid,” arsa an Ghaoth Aduaidh. “Tá sé chomh te istigh anseo go leáfaí thú.”

“Stopaigí,” arsa a máthair de bhéic agus shín sí a méar i dtreo na málaí. “Inis dom, a Ghaoth Aneas, cá as ar tháinig tú, nó an bhfuil aon scéal nua agat dom?”

“As an Afraic,” a dúirt an Ghaoth Aneas. “Bhíodh mé ag rith rásaí leis na hostraisí, agus nuair a tháinig mé go dtí an gaineamhlach casadh carbhán orm. Bhí na daoine a bhí inti réidh chun an camall deireadh a bhí acu a mharú chun uisce a fháil. Shéid mé an gaineamh bog buí go dtí go raibh sé ina ghuairneán a bhí ag dul timpeall agus timpeall, agus chlúdaigh mé ar fad iad - an camall, an carbhán agus gach a raibh acu ann. Bhí spraoi an domhain mhóir agam. Rachaidh mé ar ais lá breá éigin agus séidfidh mé an gaineamh ar fad arís nó go bhfeicfidh mé a gcnámha beaga bána….”

“Nach agatsa atá an droch-intinn!” arsa a mháthair go feargach. “Níl déanta agat ach mínós.” Leis sin rug sí greim ar an nGaoth Aneas agus sháigh sí síos sa mhála é sula raibh deis aige anáil a tharraingt.

“Is cinnte go bhfuil do chlann mhac fiáin,” arsa an Prionsa. “Cén sórt buachalla é an Ghaoth Anoir seo? An bhfuil sé cosúil lena chuid deartháireacha?”

“Fágfaidh mé fút féin é breithiúnas a thabhairt air,” arsa máthair na nGaoth go séimh, agus an Ghaoth Anoir ag déanamh a bhealaigh isteach san uaimh.

Thug an Prionsa faoi deara nach raibh an Ghaoth Anoir chomh h-ard lena chuid deartháireacha, agus go raibh sé gléasta cosúil le Síneach.

“Anois, bhí tú sa tSín,” arsa a mháthair go ceanúil. “Ach shíl mé go raibh tú le dul go dtí Gairdín Pharthais.”

“Amárach a eitleoidh mé ansin,” arsa an Ghaoth Anoir. “Nuair a bhí mé sa tSín ní raibh an t-am agam dada a dhéanamh ach dul ag feadaíl sna foraoisí bambú agus cloigíní na mbailte móra a chur ag clingireacht. Ach ba mhór an spórt é!”

“Is amadán thú,” arsa an tseanbhean. “Táim sásta go mbeidh tú ag dul go dtí Gairdín Pharthais amárach. Seans go dtiocfaidh ciall chugat leis an gcuairt sin. Faigh buidéal beag dom, lán le huisce ón Tobar Feasa.”

“Gheobhaidh,” arsa an Ghaoth Anoir. “Ach lig mo dheartháir, an Ghaoth Aneas, saor ón mála. Ní mór dó an scéal faoin bhFéinics a insint dom, ionas gur féidir liom é a insint do Bhanríon na Sióg i nGairdín Pharthais. Ba mhaith léi scéal an Fhéinics a chloisteáil.”

“Maith go leor,” arsa a mháthair. “Is tusa an duine is ansa liom agus is fíor-dheacair dom rud ar bith a dhiúltú duit.”

Rinne an Prionsa miongháire nuair a chonaic sé an Ghaoth Aneas agus é ag lámhacán amach as an mála, mar a bheadh gasúr dána ann. “Is féidir liom scéal an Fhéinics a insint duit,” ar seisean. “Léigh mé faoi i leabhair de mo chuid sa bhaile. Bhí an ubh as ar tháinig sé suite i nead a bhí trí thine. Bhí sé dearg te, mar rinne a mháthair a nead sa tine.”

“Tá an ceart agat,” arsa an Ghaoth Aneas. “Níl ach Féinics amháin fós beo. An uair dheiridh a chas mé leis, thug sé an duilleog phailme seo dom le tabhairt don Bhanríon.”

“Bainfidh sí taithneamh as sin,” arsa an Ghaoth Anoir, agus thóg sé an duilleog.

Bhreathnaigh an Prionsa ar an nGaoth Anoir agus é ar bís. “Abair liom faoi Ghairdín Pharthais,” ar seisean de bhéic. “Cá bhfuil sé ar chor ar bith?”

“An dteastaíonn uait dul ann?” arsa an Ghaoth Anoir, agus é ag cromadh ar chuid den fhia rósta a thug a mháthair dó a ithe.

“Is é mian mo chroí é,” arsa an Prionsa.

“Ní foláir nó gur chuala tú trácht ar Ádhamh agus ar Éabha,” arsa an Ghaoth Aniar. “Nuair a díbríodh as an ngairdín iad, slogadh an gairdín isteach sa talamh. Tá sé chomh hálainn anois is a bhí an uair sin ach is ann a bhfuil cónaí ar Bhanríon na Sióg anois. Suigh in airde ar mo dhroim amárach agus tabharfaidh mé ann thú, más áil leat é.”

Ach a raibh an suipéar caite acu, luigh na deartháireacha siar le dul a chodladh agus luigh an Prionsa in aice leo. Níorbh fhada go raibh seisean é féin ina chodladh sámh. Ar oscailt a súl dó, bhí sé ina mhaidin mhoch agus b’ábhar iontais dó go raibh sé ina shuí in airde ar dhroim na Gaoithe Anoir agus é ag eitilt go hard os cionn na scamall. Murach go raibh greim ag an nGaoth Anoir ar a lámha, is cinnte go dtitfeadh sé chun talaimh.

“Níor thug tú aon deis dom buíochas a ghabháil le do mháthair ná slán a fhágáil ag do dheartháireacha,” arsa an Prionsa ar deireadh thiar thall. “Cúis bhróin dom is ea é sin.”

“Theastaigh uaim imeacht a luaithe agus arbh fhéidir,” arsa an Ghaoth Anoir. “Is fada an t-achar atá le cur dínn againn sula mbainfimid Gairdín Pharthais amach.” Agus lean sé air ag eitilt os cionn foraoisí agus sléibhte arda agus farraigí móra.

Agus an lá ag dul chun dorchadais, is é a dúirt an Ghaoth Anoir, “Coinnigh greim maith orm anois óir táimid ag déanamh ar an sliabh is airde ar domhan. Ní fada ina dhiaidh sin go mbeimid ag Gairdín Pharthais.

“Is iontach an rud é é sin a chloisteáil,” arsa an Prionsa, a bhí lag tnáite ó bheith i ngreim na Gaoithe Anoir. “Tá boladh níos milse san aer, is cosúil, amhail is go bhfuil cumhra bláthanna agus spíosraí air.”

“Tá an ceart agat,” arsa an Ghaoth Anoir leis. “Táimid an-ghar do Ghairdín Pharthais anois.” Leis sin, thosaigh sé ag titim ón spéir agus ag eitilt ní b’ísle agus ní b’ísle nó gur thuirling sé ar an bhféar bog glas. Léim an Prionsa dá dhroim agus bhain sé searradh as féin.

“Nach aoibhinn go deo é!” ar seisean. “Tá an féar úrghlas agus tá a bhfuil de dhathanna sa bhogha ceatha ar na bláthanna.”

“Níl an Gairdín bainte amach go fóill againn,” arsa an Ghaoth Anoir. “Caithfimid dul tríd an uaimh mhór sin atá os do chomhair amach, mar a bhfuil na géaga finiúna ar crochadh mar a bheadh cuirtíní. Sin é an bealach chuig Gairdín Pharthais.”

B’aisteach an uaimh é! Ar an gcéad dul síos, bhraith an Prionsa chomh fuar sin gur thosaigh a cholainn ag crith. Go tobann ina dhiaidh sin, bhí an ghrian gharg ag scalladh anuas air. Ar thaobh na huaimhe bhí bolláin mhóra, a raibh cruthanna aisteacha orthu, ina seasamh agus bhí siad chomh dlúth sin ar a chéile in áiteanna go raibh an chonair chomh cúng sin go raibh ar an bPrionsa a cholainn a shá agus a bhrú ar aghaidh eatarthu. Ansin, ar deireadh thiar thall, chonaic sé an spéir ba ghoirme dá bhfaca sé riamh os a comhair amach.

Bhí boladh cumhra rósanna le brath san aer agus an Prionsa ag teacht amach as an uaimh agus níorbh fhada go raibh sé ar bhruach abhann ina raibh uisce gléigeal ag rith agus éiscíní beaga, de dhath an

airgid agus an óir, ag snámh de ruathar isteach is amach idir clocha ildaite a bhí ag glioscarnach mar a bheadh seoda faoi sholas na gréine.

Bhí droichead marmair ag síneadh trasna na habhann agus thug an Ghaoth Anoir trasna é. “Táimid ar Oileán an Áthais anois,” ar seisean, “áit a bhfuil Gairdín Pharthais.”

“Nach aoibhinn é!” arsa an Prionsa agus é faoi gheasa aige. “Níorbh fhéidir liom a áilleacht atá sé a shamhlú.” Agus bhí aoibh an tsonais air agus é ag féachaint ina thimpeall ar na bláthanna aisteacha leochaileacha, ar na féithleoga agus ar na fíniúnacha glasa.

Shiúil scata péacóg, a raibh a dtriopall cleití ildata eireabaill ar leathadh acu mar a bheadh feananna, ina threo. Ansin, chonaic sé antalóip agus tíogair i measc na gcrann, agus iad chomh ciúin ceansaithe sin go raibh colúir choille ina seasamh ar a ndroim acu. Bhí an oiread sin iontais ar an bPrionsa nach raibh aon chuimhneamh aige ar an am.

Agus é ina sheasamh ansin, taibhsíodh dó Banríon Sióg Pharthais. Bean óg sciamhach ba ea í a raibh réalt ina folt fada fionn aici. Bheannaigh an Ghaoth Anoir di amhail is gur seanchairde a bhí iontu agus bhronn sé uirthi Duilleog Phailme an Fhéinics. Thiontaigh sé chun an Phrionsa ansin agus ar seisean, “Is cara liom é seo,” agus aoibh an gháire air. “An dtabharfaidh tú aire dó?”

Leis sin rug an tSióg ar láimh an Phrionsa agus thug sí isteach sa Phálás é. Níorbh fhada go raibh an Prionsa ina sheasamh i halla mór marmair agus cad a bhí ina cheartlár istigh ach crann a bhí ag fás aníos go hard agus go caoldíreach agus a bhí faoi ualach úll órga.

“An é seo an Crann Feasa?” ar seisean, agus tuairim mhaith aige gurbh é a bhí ann. Sméid Banríon na Sióg a ceann agus rinne sí miongháire.

“An – an féidir liom fanacht anseo go deo na ndeo?” ar seisean agus loinnir an tsonais ina shúile. “Níl de mhian agam sa saol ach é!”

“Braitheann sé sin ort féin,” arsa an tSióg. “Ní mór duit déanamh mar a déarfaidh mé leat. Mura ndéanfaidh, tá thiar orainn!”

“Déanfaidh mé mo dhícheall,” arsa an Prionsa. “Ní bhainfidh mé d’aon ní nár cheart baint de.”

“Imeoidh an Ghaoth Anoir anocht,” arsa an tSióg. “Ní fhillfidh sé go ceann céad bliain. Is fada an feitheamh é.”

“Ní bheidh sé i bhfad ag imeacht,” arsa an Prionsa. “Tabhair cead dom fanacht le do thoil.”

“Má fhanann,” arsa an tSióg, “beidh orm glaoch ort gach aon tráthnóna agus mé ag fágáil.

Is é a déarfaidh mé, “Tar liom”, ach níor chóir duit aon aird a thabhairt orm. Ní mór duit fanacht mar a mbeidh tú.”

“Tuigim thú,” arsa an Prionsa agus é ar bís. “Geallaim duit nach leanfaidh mé thú.”

“Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall thú a mhealladh,” arsa Banríon na Sióg. “Má leanann tú mé, tiocfaidh tú orm faoi Chrann an Eolais. Crom síos agus bain póg díom agus slogfaidh an talamh Gairdín Pharthais agus ní fheicfidh go deo arís é.”

“Geallaim nach dtiocfaidh mé chugat,” arsa an Prionsa. “Is cuma cá mhinic a ghlaofaidh tú orm.”

Tháinig an Ghaoth Anoir ar an láthair agus is é dúirt sé, “Buailfimid le chéile anseo arís i gcionn céad bliain. Tabhair aire duit féin.” Agus leis sin, shearr sé a dhá sciathán mhóra amach agus d’eitil sé leis.

Chaith Banríon álainn na Sióg an chuid eile den lá aoibhinn i dteannta an Phrionsa agus iad ag damhsa i measc na mbláthanna agus ina suí ina aice leis faoi bhun na gcrann glas. Nuair a chuaigh an ghrian faoi, thug sí isteach i seomra é, áit a bhí lán le lilí bána agus órga, agus thug cuid dá cailíní aimsire torthaí agus fíon chuige.

“Cogar,” ar sise, “tá sé in am domsa imeacht.” Díreach agus í ag fágáil an tseomra chuala an Prionsa a glór binn ag glaoch air, “Tar liom! Tar liom!” Agus dearmad á dhéanamh aige ar an ngeallúint a thug sé, bhrostaigh sé ina diaidh.”

Nuair a shroich sé an Halla Mór mar a raibh Crann an Eolais, chonaic sé ina luí ar leaba luachra, faoi ghéaga an chrainn, í. Cé go raibh a súile dúnta amhail is go raibh sí ina codladh, bhí meangadh gáire uirthi. Bhí sí chomh hálainn sin nach raibh an Prionsa in ann guaim a choinneáil air féin agus chrom sé síos agus bhain sé póg di.

Go tobann, chualathas rois challánach toirní a chuir an oiread sin faitís ar an bPrionsa gur thit sé chun talaimh agus a shúile dúnta aige.

Nuair a d’oscail sé arís iad, bhí báisteach fhuar ag stealladh anuas ar a aghaidh agus bhí sé ag creathadh amhail is go raibh fiabhras air. Chuir sé a chosa faoi, ar éigin, agus thug sé faoi deara go raibh sé san fhoraois gar d’Uaimh na nGaoth. Ansin chonaic sé máthair na nGaoth agus í ag stánadh go fíochmhar air. “Theip glan ort,” ar sise. “Agus gan ann ach an chéad tráthnóna duit! Dá mba liom thú chuirfinn isteach sa mhála thú!”

“Is ea go deimhin, theip orm,” arsa an Prionsa go brónach. “Tá gach ní caillte agam. An mbeidh deis eile go deo agam?”

“Cá bhfios?” arsa máthair na nGaoth. Leis sin, d’imigh sí léi isteach san uaimh agus d’fhág sí san fhoraois ina aonar é.

Meas tú céard a tharla don Phrionsa? Deir daoine áirithe gur thaistil sé an domhan go fánach ar feadh céad bliain agus é ar thóir Ghairdín Pharthais, nach raibh tásc ná tuairisc air. Ach deir daoine eile, gur ghlac an Ghaoth Anoir trua dó agus gur iompar sé ar a dhroim é ionas go mbeidh deis eile aige i ndeireadh na dála.

Seithe an Asail

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/b4bfdc356d93d9b8e5601d7783005d80.png

Leagan Gaeilge le Caoilfhionn Uí Thuairisg

Fadó, fadó, bhí Rí ann, agus ina sheilbh bhí an oiread nithe iontacha. Ach nuair a thagadh daoine ar cuairt chuig an gcaisleán, agus iad ag iarraidh portráidí, áilleagáin óir agus airgid, agus troscán galánta a fheiceáil, ba é an chéad rud a thaispeánadh an Rí dóibh an stábla. Agus sa stábla galánta sin de bhallaí marmair, bhí asal beag donn ina sheasamh.

“Is fearr i bhfad liom m'asal beag ná na portráidí ná an t-ór,” arsa an Rí agus miongháire air. “Agus b'fhearr liom an t-am a chaitheamh ag labhairt le m'asal ná a bheith ag http://fabhalscealta.ie/files/seithe_an_asail/ ar phortráidí ná earraí ríluachmhara i mo sheilbh.”

Anois, cé go raibh cion ag an Rí dá asal, bhí grá agus gean aige freisin dá bhean agus dá iníon álainn agus ba údar mór bróid iad don Rí. Bhí a iníon chomh cosúil lena máthair, agus í ag fás aníos, go raibh sé deacair uaireanta a rá cé acu a bhí ann.

Lá brónach áirithe, tháinig tinneas ar an mBanríon. Chaith an Rí an oíche ina shuí in aice lena leaba, agus é iarraidh dearbhú uaithi go dtiocfadh biseach uirthi. Ach bhí a fhios ag an mBanríon go raibh sí ag fáil bháis, agus ag breacadh an lae dúirt sí de chogar, “Geall dom go bpósfaidh tú arís, agus go roghnóidh tú bean chomh ciallmhar agus chomh hálainn agus atá mise. Seo an mhian dheireanach atá agam.”

Gheall an Rí, agus é trína chéile, go bpósfadh sé arís. D'éag an Bhanríon tamall ina dhiaidh sin. Ó chuaigh an Bhanríon in éag, d’athraigh an Rí as cuimse. D'éirigh sé bán san aghaidh agus tanaí, chaill sé a ghoile, agus níor aithin sé a shearbhóntaí níos mó. Ach rud is measa fós, níor aithin sé a iníon agus í ag caint leis.

Le himeacht na míonna, thosaigh an Rí ag samhlú go raibh sé ina Phrionsa óg arís agus aon uair a chas sé lena iníon cheap sé gurbh í an bhean óg í a raibh sé i ngrá léi fadó. Ghlaodh sé uirthi as ainm na máthar agus d'iarradh sé uirthi é a phósadh.

Chuaigh deargmhire a hathar go mór i bhfeidhm ar an mBanphrionsa lách, agus faoi dheireadh, d'éalaigh sí ón gcaisleán. “Rachaidh mé chuig mo shióg choimhdeachta,” ar sise, agus ghabh sí an bóthar chuig an bhfarraige. “Tá sí chomh stuama gur cinnte go mbeidh sí in ann cúnamh a thabhairt dom.”

Bhí Sióg na mBláthanna, sióg choimhdeachta an Bhanphrionsa, ina cónaí ar an gcladach i bpluais ghleoite. Bhí an áit fhíorálainn sin maisithe le coiréal agus néamhann agus bhí boladh milis bláthanna uaithi.

“Tá a fhios agam an chúis a bhfuil tú anseo, a Bhanphrionsa,” arsa an tsióg, a luaithe agus a shroich an Banphrionsa an phluais. “Tá d'athair, an Rí, ina ghealt anois agus feiceann sé ionatsa an bhean óg chéanna a raibh sé i ngrá léi fadó.”

“Is fíor sin,” arsa an Banphrionsa, le teann bróin. "Cuireann sé olc air nuair a deirim leis gur mise a iníon, seachas an bhean óg sin. Ó, céard a dhéanfaidh mé?”

“An chéad uair eile a chuirfidh sé ceiliúr pósta ort, ní mór duit rud a iarraidh air, rud a bheidh fíordheacair dó a thabhairt duit,” arsa an tsióg.

“Tá m'athair an-saibhir,” arsa an Banphrionsa. “Tá sé d'acmhainn aige rud ar bith a thabhairt dom.”

“Iarr air gúna de dhath na spéire a thabhairt duit,” a mhol an tsióg.

“Iarrfaidh mé air é,” arsa an Banphrionsa. Bhí miongháire uirthi den chéad uair le tamaillín. “Go raibh maith agat, a shióg.”

D'fhill sí ar an gcaisleán agus an lá dár gcionn chuir an Rí ceiliúr pósta uirthi.

“Ní féidir liom pósadh, a Mhórgacht,” arsa an Banphrionsa, “Sula dtabharfaidh tú gúna de dhath na spéire dom.”

Sméid an Rí a chloigeann agus ar an lá céanna, ghair sé ar a

chuid fíodóirí agus táilliúirí. D'oibríodar de ló is d’oíche agus faitíos an bháis orthu.

Níor stop siad go dtí go raibh an gúna réidh, gúna a bhí chomh hálainn le spéir ghorm an tsamhraidh. Bhí an t-éadach chomh feidhmiúil sin go gceapfadh duine go raibh scamaill bheaga bhána ar foluain ar na fillteacha.

Bhí an Rí sásta, agus ghair sé ar an mBanphrionsa. “Seo duit do ghúna,” ar seisean. “Nach bhfuil dath na spéire air?” Agus bhí uirthi a admháil go raibh an gúna iontach go díreach ar nós na spéire.

Bhí díomá agus faitíos uirthi, agus rith sí ón gcaisleán. Cheap sí go gcoinneodh a sióg choimhdeachta i bhfolach í.

“Ní féidir leat fanacht anseo, a leanbh,” arsa an tsióg. “D'aimseodh d'athair go héasca thú. Ní mór duit filleadh, agus iarratas a dhéanamh ar ghúna de dhath na gealaí. Ansin, táim cinnte nach mbeidh sé in ann é sin a thabhairt duit.” Ach ní raibh an ceart ag an tsióg. Arís, ghair an Rí ar a chuid fíodóirí agus táilliúirí. Agus iad i mbaol a mbáis, rinne siad gúna de dhath na gealaí i dtrí lá.

Bhí bróidnéireacht an ghúna fíor-ealaíonta, agus nuair a chonaic an Banphrionsa an gúna bhí uirthi a admháil, “Cuireann an gúna álainn seo solas na gealaí ar oíche chiúin i gcuimhne dom.”

Arís, chuaigh an Banphrionsa chuig a sióg choimhdeachta ag lorg cabhrach. “Iarr air gúna de dhath na gréine a thabhairt duit,” arsa an tsióg.

Ach, don tríú huair, bhí an Rí in ann gúna a thabhairt di. Is ar éigean a bhí an Banphrionsa in ann http://fabhalscealta.ie/files/seithe_an_asail/ ar an ngúna, a dhalltacht is a bhí sé, agus é ag glioscarnach leis na mílte cloch lómhar.

“Tá sé ró-chliste i bhfad,” arsa an Banphrionsa leis an tsióg choimhdeachta, “Céard a dhéanfaimid anois?”

Tar éis tamaill, dúirt an tsióg choimhdeachta, “Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar sheithe an asail dhoinn. Is é an t-asal an rud is ansa leis. Cé go bhfuil sé ina ghealt ní mharóidh sé an t-asal, cinnte.”

“Cén sórt iarratas olc é sin?” arsa an Banphrionsa agus í ag déanamh agóide ina aghaidh. “Bhrisfeadh sé croí m'athar dá gcaillfeadh sé a asal.”

“Gabh ar ais chuig an gcaisleán,” arsa an tsióg go húdarásach, “agus iarr air é. Níl an dara rogha agat.”

Shroich an Banphrionsa an caisleán agus bhí an Rí ag fanacht léi ansin. “Rinne mé gúna ar nós na spéire, gúna ar nós na gealaí agus gúna ar nós na gréine,” ar seisean. “Thug mé duit gach a raibh uait. Pósfaidh tú anois mé.”

An Banphrionsa bocht! Thosaigh sí ar crith nuair a chonaic sí a hathair; bhí a dhá shúil ag lonrú agus bhí fearg ina aghaidh.

“Tá rud amháin fós de dhíth orm,” ar sise de chogar. “Ní féidir liom pósadh gan seithe an asail dhoinn.”

Sméid an Rí a chloigeann agus thiontaigh sé. “Cuirfidh an t-iarratas seo deireadh leis an mearbhall atá air...” a dúirt an Banphrionsa léi féin. Ach níor chuir. An lá céanna, maraíodh an t-asal agus chuir an Rí seithe an asail chuig an mBanphrionsa.

Agus í ag caoineadh go rachtúil, chuaigh an Banphrionsa chuig a sióg choimhdeachta le seithe an asail. “Níl aon dóchas ann,” ar sise. “Ní mór dom an caisleán a fhágáil go deo.”

“Má fhágann tú,” arsa an tsióg, “ní mór duit an tseithe a chaitheamh mar éadach. Cuirfidh d'athair a shaighdiúirí le do shála agus aimseoidh siad go héasca thú mura gcuireann tú thú féin as aithne. Agus tú ag caitheamh na seithe, beidh tú chomh gránna go ndéanfaidh na saighdiúirí neamhaird ort.”

Chuaigh creathán tríd an mBanphrionsa agus í ag smaoineamh ar a bréagriocht gránna, ach thuig sí go raibh an ceart ag an tsióg choimhdeachta. Dá gcuirfeadh sí seithe an asail uirthi féin, bheadh sí slán sábháilte.

Ansin, thug an tsióg choimhdeachta bronntanas di; fáinne tanaí smaragaid.

“Beidh do chuid éadaí galánta ar fáil i gcónaí,” arsa an tsióg, “Níl le déanamh agat ach an fáinne seo a chasadh, agus feicfidh tú cófra draíochta lán le gúnaí agus seodra. Beidh drochlaethanta agat, agus beidh tú ag iarraidh a bheith i do Bhanphrionsa arís. Tabharfaidh an draíocht seo misneach duit le seithe an asail a chaitheamh gach lá.”

Chuir an Banphrionsa an fáinne ar a méar, phóg sí an tsióg choimhdeachta, agus d’fhág sí ríocht a hathar.

Shiúil sí tamall fada, agus í ag tarraingt na gcos leis an tuirse. Scaití, thugadh duine lách bia di, nó cheadaíodh feirmeoir codladh na hoíche sa scioból di.

Nuair a chuaigh an Banphrionsa thar an teorainn idir ríocht a hathar agus ríocht eile, agus í slán ó bhaol, stop sí ag feirm agus d'fhiafraigh an raibh obair ar fáil di.

“Dhéanfainn jab ar bith a thabharfá dom,” a dúirt sí le bean an fheirmeora. “Is cuma cén sórt jab é.”

“Dhéanfá, gan amhras,” arsa an bhean go géar, “ní aimseoidh tú obair go héasca. Ní haon spéirbhean thú.”

Bhí cuma ghránna ar an mBanphrionsa, cinnte, agus an tseithe lofa uirthi, ach bhí faitíos uirthi é a bhaint di. “An bhfuil cead agam fanacht mar sin?” ar sise go humhal. Sméid bean an fheirmeora a cloigeann.

“Tá cead agat fanacht,” ar sise, “mura bhfuil drogall ort cró na muc a ghlanadh nó an teach a sciúradh.”

Threoraigh an bhean í chuig seomra beag dorcha ag deireadh pasáiste fhada. “Is féidir leat codladh anseo,” arsa an bhean.

Anois, bhí an fheirm sin neamhghnách; feirm ríoga a bhí inti agus thagadh an Prionsa ar cuairt go minic nuair a théadh sé ag fiach. Choinnigh sé ealta éan álainn ar an bhfeirm, agus b'aoibhinn leis bia a thabhairt do na héin. Cibé uair a bhíodh an Prionsa le bheith ann, ghlanadh na searbhóntaí an áit ó cheann ceann agus bhídís an-mhúinte, de réir orduithe an teaghlaigh.

Ní raibh sí i bhfad ina cónaí ar an bhfeirm nuair a chuala an Banphrionsa faoin bPrionsa agus a chuairteanna. Bhí sí fíor-ghnóthach, áfach, agus í ag glanadh na háite, nach bhfuair sí spléachadh air ach uair amháin. Anois is arís, áfach, nuair a théadh an teaghlach chun na heaglaise ar an Domhnach, thugadh an Banphrionsa cuairt ar an éanlann agus bhreathnaíodh sí ar éin áille de chuid an Phrionsa. “Is mór an trua go bhfuil mé as aithne,” a dúirt sí léi féin agus í ag éisteacht le ceol binn na n-éan.

Maidin Domhnaigh amháin, agus í lán de mhisneach, chas an Banphrionsa an fáinne óir a fuair sí ón tsióg; bhí sí ag iarraidh a bheith ina Banphrionsa arís agus rinne sí achainí ar a cuid éadaí féin. Bhí an draíocht an-sciobtha agus nuair a d'iompaigh sí thart bhí an cófra draíochta, lán le gúnaí galánta, ar an leaba bheag cheana féin.

Rinne sí gáire lúcháireach, agus roghnaigh sí an gúna ab áille. Chuir sí an gúna uirthi féin agus chaith sí seithe an asail ar leataobh. Mhaolaigh sé an brón a bhí uirthi a bheith gléasta go galánta. Chaith sí cúpla nóiméad os comhair an scátháin bhriste agus chíor sí a gruaig fhada órbhuí. Nuair a d'fhill na searbhóntaí eile, bhí sí ag sciúradh na gcorcán móra copair. Mar ab iondúil, thosaigh siad ag magadh fúithi agus thug siad an leasainm suarach, “Seithe an Asail”, uirthi.

Domhnach amháin, thug an Prionsa cuairt ar an bhfeirm i ngan fhios d'aon duine. Meas tú, an raibh baint ag Sióg na mBláthanna leis an gcuairt seo? Ó tharla nach raibh aon duine ansin agus nach raibh fáilte roimhe, chuaigh an Prionsa ar fán, siar an pasáiste cúng. Shroich sé an seomra beag bídeach ina gcaitheadh an Banphrionsa an Domhnach go sona sásta léi féin. Bhí an doras faoi ghlas ach chuala an Prionsa duine éigin ag canadh de ghlór binn bog, agus chuir sé a chuid éan muirneach i gcuimhne dó. Le teann fiosrachta, chuaigh sé ar a ghlúine agus thug sé sracfhéachaint trí pholl na heochrach. Chonaic sé Banphrionsa aoibhinn, gléasta i ngúna airgeadghorm agus diamaint ina cuid gruaige. A háilleacht agus a bhí sí, ba ar éigean a bhí an Prionsa in ann imeacht.

Ach ní raibh an t-iompar sin oiriúnach do Phrionsa! “Ní inseoidh mé an scéal seo di,” a shocraigh sé. “Fillfidh mé amárach agus cuirfidh bean an fheirmeora an bhean uasail seo in aithne dom ar an mbealach ceart.”

An lá dár gcionn, go moch ar maidin, tháinig an Prionsa ar ais ar dhroim capaill. Chuir bean an fheirmeora fáilte roimhe agus í ag deifriú thart. “Tá spéirbhean ag fanacht libh anseo,” ar seisean léi. “An gcuirfidh tú í in aithne dom?”

“Spéirbhean!” arsa an bhean ina dhiaidh, agus iontas uirthi.

“Níl bean ar bith anseo, a Mhórgacht, mar is eol duit, cé is moite de na cailíní aimsire. Chas tú leis an mórchuid díobh, seachas Seithe an Asail b'fhéidir, agus gan amhras ní haon spéirbhean í.”

Bhí an Prionsa lánchinnte nach raibh an ceart ag bean an fheirmeora, agus chuir sé ceisteanna ar chúpla duine de na cailíní aimsire. “Abair liom,” ar seisean, “cá bhfuil an bhean fhionn a bhfuil cónaí uirthi anseo? Cén sórt oibre a dhéanann sí?”

Bhreathnaigh na cailíní aimsire air agus iad lán le hiontas; dhearbhaigh siad dó nach raibh bean fhionn ina measc. “Bheadh a fhios againn,” a dúirt bean amháin agus í ag caitheamh a cloiginn, “tá muid ar fad anseo, seachas Seithe an Asail, agus tá sise chomh gránna le muc.”

Bhí céasadh intinne ar an bPrionsa, agus d'fhill sé ar an gCaisleán. Bhí sé chomh trína chéile sin gur tháinig fiabhras air faoi dheireadh na seachtaine, agus ní raibh sé ar a chumas ithe ná codladh. Bhí a mháthair, an Bhanríon, an-bhuartha agus ghair sí ar an dochtúir ríoga.

“Pé rud is mian leis, go ndéana tú do dhícheall é a thabhairt dó,” arsa an dochtúir leis an mBanríon. “Cibé cén rud atá uaidh. Seans go bhfaighidh sé biseach ón bhfiabhras, ach ar dtús, tá faoiseamh intinne ag teastáil uaidh.”

Oíche amháin, agus an Bhanríon ina suí in aice le leaba an Phrionsa, chuala sí é ag labhairt de mhonabhar: “Seithe an Asail,” ar seisean léi. “Ní mór di cáca a dhéanamh dom,” arsa an Prionsa de chogar. “Abair léi é.”

Bhuel, níor chuala an Bhanríon an t-ainm Seithe an Asail cheana, ach an mhaidin dár gcionn fuair sí amach áit oibre na mná, agus thug sí ordú do theachtaire ríoga dul chuig an bhFeirm le hiarratas an Phrionsa.

“A thiarcais!” arsa bean an fheirmeora. “Is cosúil go bhfuil an Prionsa óg glan as a mheabhair agus é ag smaoineamh ar Sheithe an Asail. Ar na searbhóntaí seo againne, is í an duine is gránna agus is boichte í.”

“Bíodh sin mar atá, ní mór duit glacadh le horduithe na Banríona,” arsa an teachtaire. “Fillfidh mé tráthnóna leis an gcáca a bhailiú.”

“Agus beidh sé réidh duit,” arsa bean an fheirmeora, agus ghlaoigh sí ar Sheithe an Asail. “Nigh do lámha agus cuir ort an naprún bán seo,” ar sise leis an mbean óg. “Inniu, ní mór duit cáca a dhéanamh atá oiriúnach do mhac Rí.”

Ansin, thug sí plúr, uibheacha, im agus siúcra do Sheithe an Asail agus d'fhág sí í ina haonar sa chistin í. Nuair a bhí an Banphrionsa ag déanamh fuidrimh, thit an fáinne a fuair sí óna sióg choimhdeachta san fhuidreamh. Bhuel anois, deir daoine áirithe gur lig an Banphrionsa an fáinne uaithi d'aon turas, ach deir daoine eile gur timpiste a bhí ann.

Seoladh an cáca chuig an gcaisleán agus nuair a bhí an Prionsa á ithe, bhain sé plaic as an mbanda tanaí óir. An lá céanna, nuair a tháinig a mháthair ar cuairt, gheall sé go bpósfadh sé an bhean a rachadh an fáinne uirthi.

Chuir caint an Phrionsa iontas agus imní ar an mBanríon; cheap sí go raibh géarú ar fhiabhras a mic. D'impigh sí air a intinn a athrú, ach bhí sé ceanndána agus níor éist sé leis an méid a bhí le rá aici. “Aimsigh an bhean a rachaidh an fáinne beag bídeach seo uirthi,” a d'éiligh sé, arís agus arís eile.

Faoi dheireadh, d'fhág an Bhanríon a sheomra chun comhairle a fháil ón dochtúir ríoga. “Déan mar a déarfaidh sé leat,” a shocraigh an seanfhear. “Ní bhfaighidh sé biseach mura ndéanfaidh tú amhlaidh.”

Ghair an Bhanríon ar na Banphrionsaí agus na mná uaisle ar fad, ionas gurbh fhéidir leo an fáinne a thriail. Bhí méara tanaí fada ag cuid díobh, ach bhí an fáinne róbheag i gcónaí. Bhí daoine de na mná chomh meáite ar bhuachan gur chuimil siad a méara le tornapa chun iad a thanú. Ach saothar in aisce a bhí ann. Bhí an fáinne róbheag do gach uile bhean acu.

Agus nuair a bhí na mná uaisle réidh, tháinig na mná fuála agus na bansníomhaithe, agus bhí lámha áille ag go leor acu. Ach, theip orthu chomh maith. Ansin, tháinig na cailíní aimsire agus a lámha garbha dearga. A leithéid de scigireacht agus de ghuailleáil a rinne siad agus iad i ag iarraidh an fáinne a chur ar a méara móra.

Nuair a bhí an Bhanríon sásta go ndearna sí a dícheall le hiarratas a mic a shásamh, dheifrigh sí chuig leaba an Phrionsa . “Níl bean sa tír atá in ann an fáinne sin a chaitheamh,” ar sise leis. “Dar m'fhocal, rinne gach bean iarracht.”

“An ndearna Seithe an Asail iarracht?” a d'fhiafraigh an Prionsa.

“Ní dhearna,” a d'admhaigh an Bhanríon. “Rinne mná na feirme eile iarracht, ach ní raibh Seithe an Asail ina measc. Is dóigh gur cheap bean an fheirmeora go raibh sí ró-ghránna le dul chuig an gcaisleán.”

“Lig cead di an fáinne a thriail,” a d'éiligh an Prionsa. “Fuair mé an fáinne sa cháca a rinne sí. Lig céad do Sheithe an Asail teacht chuig an gcaisleán.”

Leis sin, sheol an Bhanríon an teachtaire ríoga chuig an bhfeirm le haghaidh Seithe an Asail a bhailiú. Bhí Seithe an Asail sásta nuair a chonaic sí a fáinne arís, agus rinne sí miongháire.

“Is liomsa an fáinne seo,” ar sise leis an mbean choimhdeachta a thairg an fáinne di. “Féach, tá sé go díreach ceart do mo mhéar.”

“Caithfidh mé filleadh ar an mBanríon in éineacht leat,” arsa an bhean choimhdeachta agus is ar éigean a bhí sí in ann a súile féin a chreidiúint. “Cá bhfios céard a déarfaidh an Bhanríon faoin mbean seo, mar rinne a mac gealltanas go bpósfaidh sé an bhean a dtiocfaidh an fáinne sin uirthi.”

“Más é do thoil é, lig cead dom filleadh ar an bhfeirm ar dtús.” a d'impigh an Banphrionsa. “Ní mór dom slacht a chur orm féin, chomh maith agus is féidir liom.”

Ní túisce agus a bhí an Banphrionsa ina haonar sa seomra beag bídeach, chas sí an fáinne. Ar an bpointe, bhí an bosca draíochta ar fáil arís di. Ón mbosca, roghnaigh sí an gúna ar nós na gealaí a fuair sí óna hathair, agus chuir sí uirthi féin é. Ansin, chlúdaigh sí an gúna go hiomlán leis an tseithe ghránna.

Bhí an Prionsa féin ag fanacht léi nuair a shroich sí an caisleán. Labhair sé léi go lách, agus rinne sé a dhícheall a dhíomá a choinneáil faoi cheilt.

“Pósfaidh mé thú, mar a gheall mé,” ar seisean go séimh. “Níl dabht ar bith ach gur leatsa an fáinne.”

Nuair a bhí an Prionsa ag caint, chaith an Banphrionsa seithe an asail ar leataobh. Chonaic an Prionsa bean chomh galánta gealgháireach go ndeachaigh sé síos ar leathghlúin os a comhair.

“Tusa an bhean a chonaic mé ar an bhfeirm!” ar seisean de bhéic. “Níl bean eile ar domhan uaim!”

Agus an Prionsa ag pógadh lámh an Bhanphrionsa, fuair muintir an chaisleáin cumhracht bláthanna sa seomra, agus chonaiceadar Sióg na mBláthanna.

“Tháinig mé anseo,” ar sise, “chun scéal Sheithe an Asail a insint daoibh. Ní chuirfidh rud ar bith smúit ar bhur sonas, mar is fíor-Bhanprionsa í.”

Bhí gliondar ar chách nuair a phós an Prionsa an Banphrionsa, agus i measc phríomhaíonna na bainise, bhí athair an Bhanphrionsa. Bhí leigheas ar a ghealtacht anois agus bhí sé in ann páirt a ghlacadh i gceiliúradh a iníne.

An Caitín Cleasach

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/1f22831142a68d4d154cabcf26ac1be8.png

Leagan Gaeilge le John Caulfield

Bhí fear ann tráth a raibh muileann aige agus triúr mac. Bhí an muilleoir chomh bocht sin nár fhág sé ina dhiaidh aige nuair a fuair sé bás ach an muileann, agus asal agus cat a bhí aige.

“Tógfaidh mise an muileann,” arsa an mac ba shine. “Is liomsa an muileann ó cheart.”

“Tógfaidh mise an t-asal,” arsa an dara mac. “Leis an asal i mo sheilbh agam, beidh mé in ann mo ghnó féin a bhunú.”

“Níl fágtha agamsa, mar sin, ach an cat,” arsa an mac ab óige. “Is beag a chabhróidh cat liom slí bheatha a bhaint amach. Céard is féidir liom a dhéanamh?”

Ba chuma lena bheirt deartháireacha faoi, toisc gur daoine santacha leithleacha a bhí iontu. Mar sin, d’imigh an mac ab óige leis, an cat ina sheilbh aige, chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí.

“Níl aon amhras ach go bhfaighfidh mé bás den ocras,” ar seisean os ard, agus é ina shuí faoi chrann. “Nach éagórach an saol é.”

“Ní déarfainn é sin,” a dúirt an cat. “D’fhéadfainn cabhrú leat, dá mbeadh muinín agat asam.”

“Céard atá á rá agat? Gur chóir dom mo mhuinín a chur i gcat chun mo shaibhreas a dhéanamh?” a bhéic an fear óg go drochmheasúil. “A leithéid de mholadh!”

Dála an scéil, níorbh ábhar iontais ar bith do mhac an mhuilleora go raibh an cat in ann caint. San am a tharla an scéal seo, bhí caint ag roinnt mhaith ainmhithe – rud a bhí ar eolas ag an bhfear óg. Ar aon chaoi, ba chuimhin leis a athair ag rá go raibh scileanna thar na bearta ag an gcat, go háirithe ó thaobh francaigh agus lucha a mharú.

“Níl uaim,” arsa an cat tar éis tamaillín, “ach péire buataisí arda agus mála mór. Tabhair an méid sin dom agus geallaim duit nach mbeidh díomá ort.”

D’ainneoin a bharúla ar an gceist, shocraigh mac an mhuilleora muinín a chur sa chat. “Is fíorbheag airgid atá fágtha agam,” ar seisean. “Ach tá mé sásta é a chaitheamh ar bhuataisí arda duit, cé go n-admhálaim nach dtuigim féin cén fáth a dteastaíonn siad uait. Maidir leis an mála mór, is furasta teacht air sin.”

“Beidh le feiceáil cén fáth a bhfuil na buataisí uaim,” arsa an cat cliste. “Fan go bhfeice tú.”

Chomh luath is a chuir an cat an péire breá buataisí nua dearga air féin, bhí cuma níos tábhachtaí air, amhail is a bhí sé níos cinnte faoin tseift a bhí ar siúl aige. “Fan anseo,” ar seisean lena mháistir óg. “Táimse ag dul isteach sa choill leis an mála mór.”

Níor chuir an Caitín Cleasach nóiméad amú sa choill. Ar dtús, líon sé an mála le bran agus cabáiste. Chuir sé téad ina lúb ansin timpeall bhéal an mhála ionas go mbeadh sé in ann é a dhúnadh nuair ba mhian leis. Nuair a bhí sé seo réitithe i gceart aige, luigh sé síos, an téad ina lapa aige, agus lig sé air go raibh sé marbh.

Mar is eol don saol mór, tá an-dúil ag coiníní sa chabáiste agus sa bhran agus, taobh istigh de thamall gearr, tháinig coinín óg ramhar chomh fada leis an mála mór de léim. Fuair sé boladh an bhrain agus fuair sé spléachadh ar an gcabáiste mealltach. Choinnigh an cat greim láidir ar an téad agus an coinín ag preabadh go neamhairdeallach isteach sa mhála. Agus b’in deireadh leis an gcoinín óg amaideach! Tharraing an cat ar an téad, dhún sé béal an mhála agus d’ionsaigh sé a chreach.

Agus é go breá sásta lena chuid saothair, ar aghaidh leis an gCaitín Cleasach i dtreo phálás an Rí. Bhí cuma chomh tábhachtach sin ar an gcat lena bhuataisí nua snasta air gur tugadh é lom láithreach go dtí an Rí féin.

“Seo bronntanas duit, a Mhórgacht,” arsa an Caitín Cleasach chomh luath is a bhí sé os comhair an Rí. “Bronnann mo mháistir uasal gnaíúil, Tiarna Charabas, ort é.” B’in an t-ainm móiréiseach a chum an cat do mhac an mhuilleora agus é ag fágáil na coille.

Anois, bhí an-dúil ag an Rí i bpíóga coinín – rud a bhí ar eolas ag an gcat – agus a luaithe a chonaic sé an coinín óg ramhar bhí pléisiúr an rí le haithint go soiléir ar a aghaidh. Rinne sé casacht agus tháinig loinnir ina shúile. “Bhuel!” ar seisean faoi dheireadh, agus a fhios aige nár cheart do rí a bheith róbhuíoch agus é ag glacadh le bronntanais. “Tá mé an-bhuíoch de do mháistir, Tiarna... Tiarna...”

“Charabas,” arsa an caitín go muiníneach. “Tiarna Charabas.”

“Sea, cinnte,” arsa an Rí. “Tiarna Charabas. Sea, bhuel, ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ainm sin.”

Go deimhin, níor lig an Caitín Cleasach don Rí dearmad a dhéanamh air, óir thug sé dhá cholm coille bhréatha go dtí an pálás an mhaidin dar gcionn; agus piasún deas ramhar an lá arna mhárach.

Faoi dheireadh na seachtaine, bhí píóga coinín agus piasúin ite ag an Rí go raibh sé sách agus thosaigh sé ag smaoineamh ar Thiarna Charabas amhail is gur chara leis é.

“Caithfidh mé bualadh le do mháistir go luath,” ar seisean leis an gCaitín Cleasach, an chéad uair eile don chat cuairt a thabhairt ar an bpálás. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis féin as an oiread sin bronntanas álainn a thabhairt dom.”

B’in na focail a raibh an Caitín Cleasach ag fanacht orthu. Rith sé ar an bpointe go dtí a mháistir a bhí thar a bheith salach agus sraoilleach faoin tráth seo, cé go mbíodh neart le hithe aige i gcónaí, a bhuíochas ar an gcat.

“Déan cinnte go nífidh tú thú féin san abhainn amárach ag an am a deirimse leat,” arsa an cat lena mháistir óg. “Déan mar a deirim leat agus beidh gach rud i gceart.”

“Cén fáth a rachainn isteach san abhainn?” arsa mac an mhuilleora de ghearán. “Tá an t-uisce fuar an t-am seo den bhliain agus ní maith liom an snámh, pé scéal é.”

“Is cuma faoi sin,” arsa an cat go mífhoighneach. “Taispeánfaidh mé duit an áit le dul ag snámh. Déan cinnte go mbeidh tú ann nuair a thiocfaidh an t-am.”

Ar ndóigh, bhí a fhios ag an bhfear óg faoin tráth seo go raibh seift ag an gCaitín Cleasach, agus nach raibh le déanamh aige ach a mhuinín a chur ann. “Tá go maith,” ar seisean. “Leanfaidh mé do threoracha.”

An mhaidin dar gcionn, thug an cat a mháistir leis síos go bruach na habhann chuig áit áirithe a bhí gar don bhóthar. Bhí a fhios ag an gCaitín Cleasach – ó bheith ag caint le searbhónta an pháláis an tseachtain roimhe sin – go raibh sé de nós ag an Rí agus a iníon álainn dul ar camchuairt sa chóiste síos an bóthar sin, agus shocraigh an cat go mbeadh a mháistir ann ag an am céanna.

Chomh luath is a bhain a mháistir a éadaí de féin, chuir an cat an burla éadaí gioblacha i bhfolach faoi chloch mhór. Ansin bhrúigh sé an fear óg isteach san abhainn. Ag an am céanna, tháinig cóiste an Rí anuas an bóthar ar ardluas ina dtreo, agus thosaigh an Caitín Cleasach ag glaoch in ard a ghutha. “Stopaigí! Stopaigí! Tá mo mháistir, Tiarna Charabas, i mbaol báite!”

Ghlaoigh an cat chomh hard agus chomh hainnis sin gur tharraing sé aird an Rí agus é ag dul thart. “Stop!” arsa an Rí de ghlaoch le tiománaí an chóiste. “Tá an t-ainm sin ar eolas agam!” Chonaic sé an cat ansin agus é ag díriú a lapa i dtreo an fhir óig a bhí i lár na habhann faoin tráth seo.

“Ná bíodh imní ort. Sábhálfaidh mo shearbhónta é i bhfaiteadh na súl!” arsa an Rí leis an gcat go sólásach.

Agus an searbhónta ag siúl go drogallach isteach san abhainn, d’iarr an cat gar ar an Rí de chogar. “Goideadh na héadaí galánta ar fad a bhí ag mo mháistir,” ar seisean leis. “An bhfuil culaith nua le spáráil agaibh sa phálás?”

“Tá, cinnte!” arsa an Rí. “Is beag an t-éileamh sin orm tar éis a bhfuil déanta ag do mháistir domsa.”

Fuarthas culaith de chuid an Rí féin do mhac an mhuilleora, agus nuair a bhí sé gléasta arís bhí cuma an-dathúil go deo air. Bhí sé chomh dathúil sin, go deimhin, go ndearna an Banphrionsa – a bhí ciúin go dtí seo – meangadh gáire gnaíúil leis an bhfear óg, agus thug sí cuireadh dó teacht isteach sa chóiste ríoga in éineacht léi.

“Is é seo Tiarna uasal Charabas, a stóirín,” arsa an Rí nuair a bhí sé ina shuí sa chóiste arís. “Is iomaí bronntanas álainn a thug sé dúinn le roinnt seachtainí anuas.”

Baineadh stad as mac an mhuilleora nuair a chuala sé an méid sin ach bhí sé sách cliste nár lig sé air go raibh iontas air. Pé scéal é, bhí sé go hiomlán faoi gheasa ag an mBanphrionsa álainn agus ní raibh uaidh sa saol ach fanacht ina shuí in aice léi go deo.

Idir an dá linn, rith an Caitín Cleasach ar luas lasrach síos an bóthar ina bhuataisí arda agus níorbh fhada go raibh sé chun tosaigh ar chóiste an Rí. Ar theacht ar mheitheal spailpíní dó a bhí i mbun oibre i móinéar órga torthúil, stop sé.

“A chairde, bígí ceansa agus éist liom,” ar seisean de ghlaoch. “I gceann cúpla nóiméad, tiocfaidh cóiste an Rí in bhur dtreo. Mura ndéarfaidh sibh leis gur le Tiarna Charabas an móinéar torthúil seo agus na tailte ar fad timpeall air, agróidh mise oraibh é. Agus geallaim daoibh go mbeidh aiféala oraibh...”

Bhí cuma chomh bagrach sin ar an gCaitín Cleasach, gur sméid na spailpíní a gcloigne. “Déanfaimid mar a dúirt tú,” ar siadsan.

Thug an cat rabhadh eile dóibh agus ina dhiaidh sin d’imigh sé go tapa, óir chuala sé capaill an Rí ag greadadh a gcrúb taobh thiar dó. Chomh luath is a bhí an cat imithe as radharc timpeall an chéad chasaidh eile sa bhóthar, shroich cóiste an Rí an móinéar.

Anois, fear santach a bhí sa Rí agus nuair a chonaic sé an móinéar breá órga bhí éad air agus d’éirigh sé fiosrach faoin té ar leis é.

“Is le Tiarna Charabas an móinéar seo agus na tailte timpeall air,” arsa na spailpíní.

“Muise, an mar sin é!” arsa an Rí, agus rinne sé meangadh cairdiúil le mac an mhuilleora.

Agus é ag rith ar nós na gaoithe síos an bóthar, bhí an Caitín Cleasach in ann coinneáil chun cinn ar chóiste an Rí. Aon uair a chonaic sé gort a raibh talamh torthúil ann nó coill a bhí tiubh le crainn, stop sé agus dúirt an rud céanna leis na spailpíní a bhí ag obair san áit.

“Mura ndéarfaidh sibh leis an Rí gur le Tiarna Charabas an talamh seo, agróidh mise oraibh é. Agus geallaim daoibh go mbeidh aiféala oraibh...”

Lean an cat cliste ar aghaidh mar seo agus, tar éis tamaill, chreid an Rí go raibh mac an mhuilleora ar cheann de na fir ba shaibhre sa ríocht. Ach bhí tuilleadh oibre le déanamh ag an gcat. Bhí air caisleán a aimsiú. Ní raibh caisleán ar eolas aige ach amháin ceann a raibh gruagach draíochta ina chónaí ann.

Ar shiúl isteach sa chaisleán dó, bhí an gruagach ag ullmhú i gcomhair féasta. “Bhuel, céard atá uait?” ar seisean go garbh.

“Chuala mé go bhfuil féith na draíochta ionat,” arsa an Caitín Cleasach agus é ag cromadh síos os a chomhair.

Bhí an gruagach sásta é sin a chloisteáil. “Is fíor é sin,” ar seisean. “Féith na draíochta – tá an ceart ar fad agat.”

“Is é sin cúis mo chuairte,” arsa an Caitín Cleasach. “Theastaigh uaim thú - thú a fheiceáil mé féin.”

“A leithéid de rud a lorg,” arsa an gruagach agus é ag éirí níos cairdiúla. “Is léir go bhfuil cáil an domhain orm!”

“Ó, is cinnte go bhfuil cáil ort, a ghruagaigh uasail,” arsa an cat go humhal. “Tá an oiread sin clú ort gurbh éigean dom cuairt a thabhairt ort. Deirtear go bhfuil sé ar do chumas agat thú féin a athrú i gcruth ainmhithe nuair is mian leat.”

“Tá an ceart agat!” arsa an gruagach go mórtasach. “Ainmnigh ainmhí ar bith agus taispeánfaidh mé mo chumhacht duit...”

“Leon, fiú?” arsa an Caitín Cleasach, agus meas ina ghuth aige.

“Leon, fiú!” arsa an gruagach de liú, agus i bpreabadh na súl bhí leon ag drannadh os comhair an chait san áit a raibh an gruagach. Bhí an oiread sin sceoin ar an gcat gur phreab sé suas ar leac na fuinneoige agus d’fhán sé ann ar creathadh le faitíos.

“Is – is iontach an cleas é sin, a ghruagaigh uasail,” ar seisean de ghíog. “Ach, is dócha go bhfuil sé éasca do ghruagach é féin a iompú ina ainmhí mór, cosúil le leon?”

“Tá sé gach pioc chomh héasca mé féin a athrú i gcruth tíogair,” arsa an gruagach, nuair a bhí sé ar ais ina chruth féin arís.

“Is dócha go bhfuil, ach tá an tíogar cosúil leis an leon ó thaobh na méide de, ar ndóigh,” arsa an Caitín Cleasach agus é ag léim anuas de leac na fuinneoige. “Ach céard faoi ainmhí atá i bhfad níos lú – ainmhí, bhuel, cosúil le...” agus stop sé.

“Tuigim a bhfuil á rá agat. Dar leatsa, níl mé in ann ainmhí beag bídeach a dhéanamh díom féin. An é sin é?”

“Bhuel, ní fíor sin, táim cinnte go bhfuil tú in ann é a dhéanamh,” arsa an Caitín Cleasach, ach fós féin chuir sé an chuma air féin nár chreid sé go raibh an gruagach ábalta ainmhí beag a dhéanamh de féin.

“Ainmnigh ainmhí mar sin!” arsa an gruagach go lán-mhuiníneach, agus fonn mór air a chumhacht a thaispeáint.

“Bhuel, ní féidir liom smaoineamh ar ainmhí níos lú ná luch,” arsa an cat.

“Féach air seo!” arsa an gruagach de liú, agus gan a thuilleadh moille d’iompaigh sé ina luch beag donn.

B’in an deis a raibh an Caitín Cleasach ag fanacht air. Go tobann, lig sé drannadh as, phreab sé ar an luch beag bídeach, agus d’alp sé siar ar an bpointe é. B’in deireadh leis an ngruagach agus gan oiread is nóiméad le spáráil, óir bhí ar an gcat brostú i dtreo gheataí an chaisleáin le bheith ann roimh theacht an chóiste ríoga.

“M’anam ón riach!” arsa an Rí de ghlaoch. “Cé atá ann ach an Caitín Cleasach!”

“A Mhórgacht,” arsa an cat, chomh luath agus a stop an cóiste, “Fáilte chuig caisleán mo mháistir, an Tiarna Charabas.”

“Is é seo do chaisleán álainn, mar sin!” arsa an Rí le mac an mhuilleora, agus é ag cuidiú leis an mBanphrionsa teacht anuas den chóiste. “Tá sé maorga ar fad!”

Bhí mac an mhuilleora chomh mór sin i ngrá leis an mBanphrionsa faoin tráth seo, gur baineadh an chaint de... agus ba mhaith an rud é sin.

Threoraigh an Caitín Cleasach an grúpa beag isteach sa halla cóisire, áit a raibh féasta leagtha amach ar an mbord cheana féin ar an dea-uair. Bhí loinnir le feiceáil i súile an Rí agus é ag breathnú timpeall ar na plátaí órga agus na cuacha criostail ar fad. “Níl d’intinn ar eolas agam, a fhir óig,” ar seisean agus é ag tiontú i dtreo mhac an mhuilleora. “Ach, is cosúil go bhfuil tú tar éis titim i ngrá le m’iníon, agus más mian leat í a phósadh, beidh mé breá sásta an cleamhnas a dhéanamh.”

“Má bhíonn an Banphrionsa sásta mé a phósadh,” a d’fhreagair mac an mhuilleora, nuair a bhí sé ábalta caint arís, “Beidh mé ar an duine is sona sásta sa ríocht.”

“Pósfaidh mé thú,” arsa an Banphrionsa de ghlaoch, mar bhí sí ábalta a hintinn a dhéanamh suas go han-tapa i gcónaí. “Níl aon duine eile ar aithne agam a bhfuil níos mó grá agam dó.”

Ar an bpointe boise, sular shuigh siad síos ag an mbord fiú, socraíodh an bhainis agus bhí an Caitín Cleasach féin ar an duine ba shásta leis an scéal.

Phós siad an lá dar gcion, agus i ndiaidh na bainise, tugadh péire nua buataisí a bhí an-chostasach don chat – rud a d’iarr sé ar a mháistir – agus feisteas galánta le caitheamh leis.

Chomh fada is a bhain sé lena mháistir, ní dhiúltódh sé rud ar bith don Chaitín Cleasach ón lá sin ar aghaidh!

An tOisín sa Choill

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/66441bc5bf6a9c5d425ede6f4988aa56.png

Leagan Gaeilge le mic léinn an Dioplóma san Aistriúchán

Fadó, fadó, bhí Rí agus Banríon ann, agus bhí siad faoi scamall bróin toisc nach raibh muirear orthu. Ach lá amháin, nuair a bhí an Bhanríon amuigh ag siúl, chonaic sí portán ollmhór, agus ar seisean léi, “lean mise, a bhanríon uasail, agus beidh mian do chroí agat.” Bhí iontas an domhain ar an mBanríon nuair a chuala sí an portán iontach seo ag caint léi, agus stad sí ar feadh tamaill le machnamh ar cad ba cheart di a dhéanamh. Ba é mian a croí a leanbh féin a bheith aici agus mar sin choimeád sí smacht ar an eagla agus bheartaigh sí dul sa seans. Lean sí an portán trí chosán rúnda go dtí gur shroich siad pálás diamant agus péarlaí; pálás a raibh seisear sióg ina seasamh os a chomhair, agus thug gach duine acu bláth déanta as seoda di. Bhí rós, tiúilip, lile, caoróg, caiméilia agus dáilia ann.

“A bhean uasail,” ar siadsan, “beidh iníon agat sula i bhfad, agus caithfidh tú an Banphrionsa Teasmhian a bhaisteadh uirthi.” Chomh luath agus a thiocfaidh sí ar an saol, cuir fios orainn trí ainm gach blátha a rá, agus bronnfaimid dea-thréithe na grástúlachta agus na maitheasa uirthi." D’fhill an Bhanríon shona abhaile agus in am trátha, saolaíodh Banphrionsa óg di. Cuireadh fios ar na sióga, agus tar éis dóibh an bhunóc a phógadh, bhronn siad éirim aigne, áilleacht agus féith an ghrinn uirthi, agus gach dea-thréith eile dá raibh ar a gcumas a shamhlú. Bhí an Bhanríon díreach ag gabháil buíochais leo as an ngar a rinne siad di nuair a tháinig portán ollmhór isteach, portán a bhí chomh mór sin gur ar éigean a bhí sé ábalta teacht tríd an doras. “Á, a bhanríon mhallaithe,” ar seisean, “tá tú tar éis dearmad a dhéanamh ar an tseirbhís a sholáthair mé duit, nuair a threoraigh mé chuig mo dheirfiúracha thú; chuir tú fios orthusan ach níor bhac tú liomsa.”

D’iarr an bhanríon maithiúnas uirthi dá botún agus rinne na sióg-dheirfiúracha an achainí chéanna. Níor éirigh leo, áfach.

“Níl mé chun an méid dochair a dhéanamh agus a bhí i gceist agam,” arsa an portán, “ach fainic sibh féin; má fheiceann an banphrionsa solas an lae sula mbeidh cúig bliana déag slánaithe aici, d’fhéadfadh a hanam a bheith i gcúl a doirn aici.”

Chuir an bhagairt seo an-imní ar thuismitheoirí an bhanphrionsa agus chaith siad go leor ama ag tógáil páláis gan fuinneoga; áit chun í a choinneáil go dtí go mbeadh sí níos sine ná an aois mharfach.

D’éirigh leo agus chuaigh an banphrionsa in áilleacht agus in eolas go dtí go raibh sí beagnach cúig bliana déag d’aois. Ní fheiceadh sí solas an lae choíche. An t-aon solas a fheiceadh sí ná an solas ó na coinnle céarach a bhíodh ar lasadh ó dhubh go dubh.

Péinteáladh a portráid agus iad ag druidim i dtreo a saoirse. Seoladh cóip chuig gach cúirt ríoga sa domhan.

Moladh an bhanríon óg go mór agus go fairsing agus d’iarr go leor prionsaí uirthi iad a phósadh. Bhí duine de na prionsaí chomh splanctha sin ina diaidh gur bheag nár chaill sé a chiall ar fad.

Tréanfhear an t-ainm a bhí air. Ba mhac le rí mór-le-rá é a raibh a chúirt ríoga gar do thír an Bhanphrionsa Teasmhian. D’impigh Tréanfhear ar a athair ambasadóir a sheoladh chuig an mBanphrionsa agus roghnaíodh fear uasal dea-chainteach.

Nuair a shroich sé cúirt an Bhanphrionsa, rinne sé iarratas í a fheiceáil ar an bpointe boise ach dhiúltaigh siad an t-iarratas, rud a chuir a sháith iontais air. “Ná bíodh fearg ort toisc gur dhiúltaíomar d’iarratas, a Thiarna Binnbhéalach,” arsa an Rí. “Bhí ábhar maith agat lena dhéanamh,” agus ansin d’inis sé an scéal iontach ar fad don fhear uasal. D’fhág Binnbhéalach an Rí ansin, agus d’fhill sé ar a chúirt féin. Bhí an Prionsa Tréanfhear go hiomlán trína chéile nuair a fuair sé amach nach mbeadh cead aige bualadh leis an mBanphrionsa arís go ceann trí mhí fhada eile – go dtí go mbeadh sí cúig bliana déag d’aois.

Tháinig beaguchtach ar a athair, an Rí, agus iarradh ar an Uasal Binnbhéalach cuairt a thabhairt ar thuismitheoirí Theasmhian a luaithe agus ab fhéidir agus a mhíniú dóibh go gcaillfí an Prionsa Tréanfhear mura ligfí dó bualadh lena n-iníon. Anois, bhí an Banphrionsa tar éis portráid an Phrionsa a fheiceáil, agus bhí sise i ngrá leis an bhfear óg gach pioc chomh láidir is a bhí seisean i ngrá léi-se; mar sin, nuair a tháinig a máthair chuici ag rá go raibh an Prionsa tinn, chuir an scéal isteach go mór ar an gcailín óg, agus ba é a dúirt sí: “A Mháthair dhil, nach bhféadfaimis cóiste a fháil a bheadh dúnta chomh daingean sin nach dtaitneodh solas na gréine isteach orm agus go bhféadfainn taisteal ann go slán sábháilte go dtí pálás an Phrionsa?”

Bhí an Rí agus an Bhanríon sásta leis an bplean seo, agus d’fhill an tUasal Binnbhéalach lom láithreach leis an dea-scéal a insint don Phrionsa Tréanfhear. Tógadh cóiste nua, a raibh líneáil d’éadach galánta bándearg agus órga air, ach nach raibh fuinneog ar bith ann, agus cuireadh fear de na huaisle i bhfeighil air. Cuireadh an Banphrionsa agus a beirt bhan coimhdeachta—Clóbhlus agus Fadingneach—faoi ghlas laistigh den chóiste, agus ar aghaidh leo ar an bpointe boise i dtreo chúirt an Phrionsa in éineacht le buíon láidir tionlacan. Anois, bhí an-chion ag Clóbhlus ar a máistreás óg; ach bhí rún ag Fadingneach an lánúin óg a scaradh óna chéile, toisc go raibh sí féin i ngrá leis an bPrionsa Tréanfhear i ndiaidh a phictiúr a fheiceáil.

Mar sin, ar an lá deiridh den aistear, nuair a bhí siad gar do chúirt ríoga an Phrionsa Óig; gan rabhadh, gan choinne, ghearr Fadingneach díon an chóiste le scian mhór. Chonaic an Banphrionsa Teasmhian solas an lae den chéad uair! Ní túisce agus a bhí an solas ag lonrú uirthi gur léim sí amach ón gcóiste agus gur thosaigh sí ag caoineadh go brónach. Rinneadh oisín álainn di, chuaigh sí ag preabadh isteach san fhoraois agus ansin chuaigh sí i bhfolach i dtor dorcha gruama. Bhí an locht ar Phortán Sí, agus is cosúil go raibh sí meáite ar léirscrios. Bhí an toirneach agus tintreach chomh huafásach sin gur tháinig eagla ar na freastalaithe ar fad agus gur imigh siad de rith. Ach ní raibh Fadingneach agus a máthair ina measc, ná Clóbhlus, a bhí sna sála ag an mBanphrionsa.

Chuir Fadingneach uirthi héin na héadaí ba ghalánta de chuid an Bhanphrionsa. Thug sí aghaidh ar an gcathair, agus tháinig a máthair ina diaidh; chas an Rí agus a mhac leo gan mhoill. Ach nuair a chonaic an Prionsa Tréanfhear í, thit sé siar agus bhéic sé os ard. “Cé atá romham?” ar seisean. “A Mhórgacht,” arsa máthair Fhadingneach, “Is í an Banphrionsa Teasmhian í,” agus shín sí a méar i dtreo a hiníne oilce. Tá litreacha agus bronntanais aici ón Rí agus ón mBanríon. Bhreathnaigh an Prionsa ar Fhadingneach, a bhí chomh gránna agus a raibh an Banphrionsa Teasmhian álainn, agus dúirt sé de bhéic: “Rinne tú feall orm; ní hí an Banphrionsa Teasmhian í.” Chroith sé a lámh agus rug beirt saighdiúirí greim ar an mBanphrionsa bréagach agus a máthair. Cuireadh i bpriosún iad, i gceann de na caisleáin ba dhaingne sa chathair.

Fuair an gheit an ceann is fear ar an bPrionsa Tréanfhear agus bheartaigh sé an chúirt a fhágáil faoi rún. Chaithfeadh sé an chuid eile dá shaol ar deoraíocht lena chomrádaí dílis Binnbhéalach. D’fhág siad an chúirt ar an bpointe agus an lá dar gcionn níorbh fhada gur shroich siad coill mhór mhillteach. Thuirling an Prionsa Tréanfhear den chapall agus chuaigh Binnbhéalach ar thóir bia. Ní mór dúinn filleadh ar an Oisín míshásta anois. Mar is eol duit, chuaigh Clóbhus sa tóir uirthi agus chomh luath is a chonaic an Oisín í, rith sí chuici agus bhí sí á cuimilt go fonnmhar aici agus na deora ag titim óna súile áille. D’aithin Clóbhus láithreach gurb í (an?) Oisín a mháistréas mhuirneach. Go tobann, cé a tháinig rompu ach an tsióg Tiúilip, an tsióg chéanna a bhí i láthair ag breith an Bhanphrionsa agus agus a raibh trua aici don chuma bhrónach a bhí ar an mBanphrionsa anois. D’impigh Clóbhlus ar an tsióg cuma nádúrtha an Bhanphrionsa a thabhairt ar ais di. “Ní féidir liom é sin a dhéanamh,” ar sise, “ach is féidir liom an pionós atá uirthi a laghdú. Le titim na hoíche, tiocfaidh sí ar ais chuici féin agus ní mór di dul ar fánaíocht tríd na páirceanna agus na coillte. Lean an bóithrín sin go dtí go dtiocfaidh tú ar theachín, áit a bhfaighfidh tú bia agus foscadh.” Rinne siad amhlaidh, agus níorbh fhada gur shroich siad an teachín. Thug seanbhean chneasta seomra taobh istigh dóibh, áit a raibh dhá leaba áille acu ann. Chomh luath agus a d’éirigh sé dorcha, rinneadh bean den Bhanphrionsa Teasmhian arí agus chuaigh siad a chodladh lena lámha snaidhmthe thart ar a chéile agus deora ina súile acu. Ag breacadh an lae, rinneadh Oisín den Bhanphrionsa Teasmhian arís agus theith sí ón teachín isteach go dtí an choill ar an bpointe boise. Idir an dá linn, bhí Binnbhéalach tar éis an teachín a bhaint amach ar thóir bia. Ní hamháin gur líon an tseanbhean ciseán dó ach thug sí cuireadh dó foscadh a ghlacadh don oíche agus ghlac sé go fonnmhar leis.

Níor chodail an Prionsa ró-mhaith, agus le héirí na gréine bhuail sé amach sa choill; agus tar éis tamall a chaitheamh ag fánaíocht leis go brónach tháinig tuirse air, agus shuigh sé síos faoi chrann chun a scíth a ligean. Ba ghearr gur thit néal air, agus thosaigh sé ag brionglóideach faoin mbanphrionsa. Díreach ansin tháinig an t-oisín chomh fada leis, agus nuair a d’fhéach sí ar an bPrionsa agus é ina chodladh, (d’aithin sí ar an bpointe ón bpictiúir é) tharraing sí osna le teann éadóchais agus grá! Dhúisigh an torann an Prionsa, agus geit á baint as; d’éirigh sé ina sheasamh de léim, chuir sé saighead ina bhogha; agus an t-oisín ag teitheadh isteach sa choill, scaoil sé an saighead, bhuail í, agus thit sí go talamh ag cneadach, agus gearradh beag ar a cos.

Ba ghearr gur tháinig an Prionsa chomh fada léi, agus nuair a chonaic sé an faitíos agus an phian ina súile, tháinig athrú croí air, agus bhí aiféala air faoin rud a bhí déanta aige.

Chuimil sé go deas réidh í, bhailigh sé roinnt luibheanna agus chuir sé thart timpeall a coise iad. Rinne sé leaba bhog as duilleoga, agus chuaigh sé ar thóir Bhinnbhéalach chun cabhrú leis í a thabhairt ar ais chuig an teachín. Chomh luath in Éirinn is a bhí an Prionsa imithe leis, tháinig Clóbhlus a bhí ar thóir a máistreása, agus í i ndroch-chaoi, agus bhí sí ag iarraidh an t-oisín a chur ina seasamh nuair a d’fhill an Prionsa agus Binnbhéalach ar ais, ach dúirt siadsan gur leo féin í. “Ó, a Dhia” arsa Clóbhlus, “leag mé súil ar an oisín sula bhfaca sibh ar chor ar bith í, b’fhearr liom bás a fháil ná scaoileadh léi.” Leis sin, thug an Prionsa suas í do Chlóbhlus, agus thúg lámh chúnta di an t-oisín a iompar chuig an teachín. Dúirt Binnbhéalach leis an bPrionsa ansin go bhfaca sé Clóbhlus i láthair ag cúirt Theasmhéine.

Bhí ionadh ar an bPrionsa agus chun go sasódh sé é féin, rinne sé poll sa bhalla agus bhreathnaigh sé tríd. Bhí titim na hoíche ann agus bhí an banphrionsa ar ais ina cailín arís. Bhí sí ina luí ar a leaba agus í ag caoineadh go brónach agus na mílte osnaíl aisti: “Faraor! an mbeidh orm cuma oisín a ghlacadh arís, agus mo ghrágheal a fheiceáil agus gan mé in ann labhairt leis arís.” Bhí dóthain ráite. Bhuail siad cnag éadrom ar an doras, agus níorbh fhada go raibh an Prionsa ar a ghlúine agus é ag fógairt a ghrá don bhanphrionsa. De léim, bhí torann trumpaí le cloisteáil i ngach aon áit agus isteach leis an Rí sa teachín agus é ag cuardach a mhic. Is í an Tiúilip Sí a bhí ina bhun ar fad. B’in í an tseanbhean agus ba léi an teachín. Iompraíodh an banphrionsa chuig cúirt an Phrionsa Tréanfhear i gcóiste agus coinníodh í sa dorchadas go dtí go raibh sí cúig bliana déag d’aois agus ba gearr uatha é sin. Rinneadh ceiliúradh ollmhór ag an mbainis agus bhí sé thar a bheith speisialta mar go raibh na sé sióg, a bhí láthair agus í ag teacht ar an saol, i láthair chomh maith céanna ag an mbainis; agus chun barr uile a chur air, pósadh Binnbhéalach agus Chlóbhlus.

Culaith Nua an Impire

http://www.fabhalscealta.ie/files/original/ed80db12538504b5089bd78b749bb331.png

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Fadó, fadó, bhí Impire ann agus bhí dúil mhór aige in éadaí. Go deimhin, ní chuireadh aon ní eile an oiread sin áthais ná gliondair ar a chroí is a chuireadh éadaí. Ba mhór an sásamh a bhaineadh sé as culaith nua a ordú trí bhabhta sa tseachtain ar a laghad. Chaitheadh sé gach aon phingin a bhíodh aige ar éadaí agus ba bheag meas a bhí aige ar na saighdiúirí, ná ar an amharclann ná ar rince.

Bhí cónaí ar an Impire i gcathair mhór mhaorga agus bhíodh an chathair sin dubh le daoine i gcónaí agus iad go léir ag súil le radharc a fháil ar an Impire féachaint cé na héadaí ba nuaí agus ab iontaí a bhíodh sé a chaitheamh. Ba mhór an spórt a bhíodh acu.

Lá amháin tháinig beirt rógairí chun na cathrach agus níorbh fhada gur chuimhnigh siad ar sheift lena bhféadfaidís bob a bhualadh ar an Impire agus lear mór airgead a fháil dóibh féin. “Ligimis orainn gur fíodóirí atá ionainn,” arsa duine acu leis an duine eile. “Rachaimid chuig an bPálás agus déarfaimid leis an Impire nach bhfuil ár sárú le fáil ar dhroim an domhain mhóir i measc fíodóirí.

Déarfaimid leis gur againne atá an t-éadach is aoibhne agus is míne dá bhfuil ann.”

Bhí go maith is ní raibh go holc. D’éirigh leis an mbeirt rógairí dul os comhair an Impire. “Tabhair dúinn snáitheanna óir agus síoda, a dhuine uasail,” arsa iad, “agus cuirfimid chun oibre anseo sa phálás. Geallaimid duit go mbeidh culaith chomh hiontach sin agat go mbeidh ionadh ar gach duine a fheicfidh í”

“Tabharfaidh, agus fáilte!” arsa an Rí. “Rud ar bith a bheidh de dhíth oraibh chun an chulaith sin a dhéanamh, beidh sé agaibh.”

“Caithfimid rud amháin a rá leat, a dhuine uasail,” arsa duine de na rógairí, “ní féidir ach leis na daoine is cliste agus is uaisle an t-éadach atá againn a fheiceáil.”

“Ó, nach iontach an rud é sin!“ arsa an Rí agus sceitimíní air. “Sin mar is fearr é!”

Leis sin, tháinig an bheirt rógairí chuig an bPalás an lá dar gcionn. Thug siad dhá sheol láimhe leo chun an t-éadach a fhí agus leag siad gach aon ní amach i seomra speisialta a thugadh dóibh. Níl cur síos ar an méid snáitheanna óir agus síoda de dhathanna iontacha a tugadh dóibh. Anuas air sin, tugadh málaí móra lán d’ór dóibh ionas go spreagfaí chun oibre iad.

Bhí an oiread sin bíse agus sceitimíní ar an Impire faoin éadach iontach sin gur inis sé do gach duine sa phálás faoi agus dúirt sé nárbh fhéidir ach leis na daoine ba chliste agus ab uaisle sa chúirt an t-éadach a fheiceáil.

Níorbh fhada go raibh scéala an éadaigh, nárbh fhéidir le dúradáin a fheiceáil, cloiste ag gach duine sa chathair.

Faoi dheireadh na chéad seachtaine don bheirt rógairí a bheith ag obair, mar dhea, theastaigh ón Impire a fháil amach conas a bhí ag éirí leo. “Ní rachaidh mé ann mé féin,” ar seisean leis féin. “Seolfaidh mé an tAire is sine agus is cliste atá sa chúirt ann. Beidh seisean in ann an t-éadach a fheiceáil gan aon dabht agus beidh sé in ann cur síos a dhéanamh dom ar a áilleacht atá sé.”

Bhí tréimhse an-fhada caite ag an Aire sin ag obair i gcúirt an Impire agus ba mhór an chúis mhórtais dó é gur roghnaigh an tImpire é. “Scrúdóidh mé an chulaith go cúramach agus tabharfaidh mé scéala ar ais chugat,” arsa seisean leis an Impire sular imigh sé leis go deifreach.

Nach airsean a bhí an t-ionadh nuair a chuaigh sé isteach sa seomra ina raibh an bheirt rógairí ina suí ag na seolta agus iad ag obair, mar dhea, agus nach raibh aon éadach le feiceáil aige. Ní fhaca sé oiread na fríde d’éadach ar cheachtar den dá sheol. “Mo léan géar,” ar seisean leis féin, “ní fheicimse faic na ngrást.” Ní ligfeadh an náire dó aon rud a rá. Ní dhearna sé ach a spéaclaí a shocrú ar a chaincín agus a cheann a sméideadh cúpla babhta.

Ansin, labhair duine de na rógairí. “Nach aoibhinn iad na dathanna agus na patrúin,” ar seisean. “An aontófá liom?”

“Nach é an tImpire a bheidh sásta,” arsa an duine eile acu. “An oirfidh na dathanna seo do shúile an Impire, an dóigh leat?”

D’fhan an seanfhear ina thost ar feadh tamaillín agus é ag stánadh ar an dá sheol agus gan faic orthu. “Tá an ceart agaibh,” ar seisean. “Déarfaidh mé leis an Impire gurb aoibhinn álainn í an t-éadach atá sibh a dhéanamh.”

Thosaigh an bheirt bhréagfhíodóirí ag caint ar an tslí ar cheap siad an patrún agus rinne siad cur síos ar na snáitheanna óir go léir a d’úsáid siad. “Beidh a thuilleadh snáitheanna óir agus síoda ildaite de dhíth orainn,” arsa duine acu leis an Aire i ndeireadh na dála. “An ndéarfaidh tú leis an Impire é?”

“Déarfaidh go deimhin,” arsa an tAire agus imní an domhain air go bhféachfadh na rógairí sna súile air ar eagla go sceithfí a rún air.

Bhí ríméad an domhain ar an Impire ach ar chuala sé tuairisc an Aire. Sheol sé a thuilleadh snáitheanna óir agus síoda chuig na fíodóirí agus chuir siadsan i bhfolach i málaí móra iad a thúisce a fhuair siad iad.

Faoi dheireadh an dara seachtain, bheartaigh an Impire go rachadh sé féin anonn chuig na fíodóirí féachaint an raibh an t-éadach déanta acu. Thug sé roinnt de na comhairleoirí ab fhearr a bhí sa chúirt leis mar aon le duine nó beirt eile a raibh cáil na héirime aigne agus na clisteachta orthu.

D’éirigh an bheirt rógairí dá seolta folmha agus d’umhlaigh siad go híseal os comhair an Impire nuair a tháinig sé féin agus a shlua isteach sa seomra.

“Inis dúinn, a dhuine uasail,” arsa duine de na rógairí, “cad is dóigh leat de? An gcuireann áilleacht an éadaigh iontas ort nó an gcuireann gile na ndathanna daille súl ort?”

“Cad atá ar bun anseo?” arsa an Impire leis féin agus é ag stánadh ar na seolta. “Ní fheicimse faic na fríde! An amhlaidh gur amadán atá ionam? Is olc an scéal é.

Má deirim aon ní faoi déarfaidh daoine nár chóir dom a bheith i m’Impire in aon chor! “Tá sé go haoibhinn ar fad,” arsa an tImpire.

Ba é an port céanna a bhí ag na hAirí go léir. “Tá sé go haoibhinn.” Fearacht an Impire, bhí eagla orthu an fhírinne a insint.

An lá dar gcionn, labhair duine de na hAirí ab óige sa chúirt leis an Impire. “Faoi cheann dha lá, beidh mórshiúl ar siúl agus siúlfaidh tusa, a Impire uasail, trí shráideanna na cathrach. An iarraidh tú ar na fíodóirí bailchríoch a chur ar an éadach agus culaith a dhéanamh as ionas go mbeidh tú in ann a caitheamh don mhórshiúl? Ba mhian leis na daoine an t-éadach iontach seo a fheiceáil dóibh féin.”

“Sin é go díreach an plean atá agam,” arsa an tImpire. Agus leis sin, sheol sé dhá mhála eile óir chuig na rógairí agus é ag impí orthu obair a dhéanamh de ló is d’oíche chun an t-éadach a chríochnú.

Las na breágfhíodóirí coinnle arda geala sa seomra ionas go ndéarfadh na searbhóintí leis an Impire go raibh an bheirt ag obair ar a ndícheall i rith na hoíche. Ar bhreacadh an lae, an mhaidin dar gcionn, d’fhógair na fíodóirí go raibh an t-éadach réidh acu.

Chuaigh an tImpire chun an tseomra faoi dheifir ach ar chuala sé an scéal agus lig na bréagadóirí orthu go raibh an t-éadach á bhaint den seol acu. Ansin, thóg duine de na rógairí siosúr ina láimh agus lig sé air go raibh an t-éadach á ghearradh aige fad is a bhí an duine eile acu ag tomhas an Impire agus ag fiafraí de cén fhaid ba mhian leis a bheith i bhfallaing na culaithe.

Ach a raibh na toisí go léir ag na rógairí, gheall an bheirt go mbeadh an chulaith réidh don mhaidin dar gcionn, lá an mhórshiúil.

An mhaidin dar gcionn, d’éirigh an tImpire le breacadh an lae agus anonn leis chuig seomra na bhfíodóirí. Lean beirt searbhóntaí é agus scáthán fada ar iompar acu.

D’umhlaigh na rógairí go talamh ar a theacht isteach don Impire agus d’iarr siar air, go hómósach, a chuid éadaí a bhaint de ionas go bhféadfaidís an chulaith nua a thriail air. Rinne an tImpire amhlaidh agus shín duine de na rógairí a leathlámh amach agus arsa seisean: “Seo dhuit an treabhsar, a Impire uasail. Níl meáchan nead damháin alla ann.”

“Seo agat an seaicéad. Nach aoibhinn iad na dathanna atá air!” arsa an dara duine díobh agus a dhá láimh fholmha á síneadh amach aige.

Leis sin, chabhraigh mo bheirt leábharaic, mar dhea, leis an Impire an chulaith a chur air agus ba é a dúirt na hAirí go léir a tháinig isteach sa seomra taobh thiar den Impire, “Nach álainn go deo an chulaith í, a Impire uasail! Oireann sí go seoigh duit. Bí ag caint ar dhathanna!”

D’fhéach an tImpire air féin sa scáthán fada agus ba léir dá shúile go raibh sé chomh lomnocht is a bhí sé an chéad lá ar tháinig sé ar an saol ach ní ligfeadh an eagla dó an fhírinne a insint. Ní dúirt sé ach, “Go deimhin féin, oireann siad go hiontach dom. Tá siad ar fheabhas.”

Leis sin d’iompaigh sé chun na beirte rógairí agus arsa seisean, “bronnaim oraibh, mar luach saothair, an teideal Fíodóirí Cúirte na hImpireachta agus gheobhaidh sibh a thuilleadh óir sula dtosóidh an mórshiúl.”

Ansin labhair an an tAire ba shine agus ba shinsearaí de na hAirí agus is é a dúirt sé, “Tá na sluaite ar na sráideanna, a Impire uasail, tá na ceoltóirí réidh agus tá gach ní faoi réir.”

Roghnaíodh beirt chun fallaing an Impire a choimeád in airde ón talamh agus chrom siad síos agus lig siad orthu go raibh siad á baint den talamh. Leis sin, d’fhág an tImpire an pálás agus shiúil sé síos na céimeanna agus amach ar an tsráid.

“Nach é an tImpire atá gléasta go triopallach inniu!” arsa an slua a bhí ar na sráideanna. “Nach é atá gléasta go péacógach! Nach álainn an chulaith í! Bí ag caint ar dhathanna!” Ní raibh sé de mhisneach ag éinne an fhírinne a rá agus an tImpire ag gluaiseacht leis go mall faoi scáth.

Ansin, de gheit, arsa buachaillín beag de bhéic, “Ach tá sé lomnocht! Níl snáth éadaigh á chaitheamh ag an Impire!”

Rinne a athair iarracht é a chur ina thost ach bhí an dochar déanta. Thosaigh leanaí eile ag liúraigh agus an scairteadh gáire. “Lomnocht. Tá an tImpire lomnocht!”

Níorbh fhada go raibh an port céanna ar bhéal gach éinne a bhí i láthair agus thosaigh cuid mhaith acu ag gáire. Chuala an tImpire a raibh á rá acu. Go tobann, bhí a fhios aige ina chroí istigh go raibh an fhírinne á ra acu. Agus mo léan géar, nach airsean a bhí an náire agus an brón! Ba léir dó gur bhuail na fíodóirí bob air. Ach ba é an dúil a bhí aige in éadaí nua a rinne amadán de i ndáiríre.

Mar sin féin, ba é an tImpire é agus níorbh fhéidir leis an mórshiúl a fhágáil. Bheadh air siúl leis trí na sráideanna amhail is nach raibh aon ní as cor. Leis sin, lean an tImpire air ag siúl agus shiúil an bheirt searbhóntaí taobh thiar de agus bun na fallainge á iompar acu, mar dhea!

Ina dhiaidh sin, ní raibh an dúil chéanna ag an Impire in éadaí nua toisc go raibh a chiall ceannaithe aige. Ní dhéanfaidh muintir na cathrach maorga sin dearmad go fada an lá ar an mórshiúl sin. Ach cad a d’imigh ar mo bheirt leábharaicí? Sular tháinig an mórshiúl chun deiridh chonacthas an bheirt acu ar muin capall agus iad ag imeacht cosa in airde amach as an gcathair agus a ndóthain óir ina málaí acu a shásódh go lá a mbáis iad.